Dáil debates
Thursday, 16 June 2022
Ceisteanna Eile - Other Questions
Earcaíocht san Earnáil Phoiblí
11:50 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Rinneadh achtú ar an Acht seo i mí na Nollag. Ní bhaineann sé leis an Aire Stáit ach bhí an coiste comhairleach le bheith i bhfeidhm roimh na seachtaine seo chugainn. Tá seachtain ag an Aire, mar sin, an coiste comhairleach sin a bhunú agus tá gach rud bunaithe timpeall air sin. An príomhrud anseo ná gur spriocanna uaillmhianacha iad. Glacaimid leis sin ach is poist le Gaeilge iad gach uile post sa státseirbhís. Sin an t-athrú bunúsach a chaithfidh teacht agus ní fheicim ón mhéid atá ráite ag an Aire Stáit go bhfuil an t-athrú meoin sin tagtha sa Roinn seo nó in aon Roinn eile sa tír. The key issue is that there has been no change of mindset, which is required from the Official Languages (Amendment) Act 2021, whereby every job in the Civil Service needs to be regarded as a job with Irish because 20% of all recruitments in the future to the Civil Service have to have a competency in Irish. That change has not happened and a lot more work needs to be done, not only in the Department but outside it as well.
No comments