Dáil debates

Wednesday, 15 June 2022

Energy Security: Motion [Private Members]

 

10:42 am

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Luann an rún seo an costas atá ar bhreosla. Tuigim go bhfuil an rún níos leithne ná sin ach mar atá ráite ag mo chuid comhghleacaithe, caithfimid a thuiscint gurb é an bealach is fearr le déileáil leis an gcostas seo agus leis an ardú sa chostas seo go fadtéarmach ná infheistíocht cuí a dhéanamh i bhfoinsí inathnuaite. Sin an rud a chaithfear a dhéanamh go fadtéarmach agus tuigimid freisin nach raibh dóthain déanta ag rialtas i ndiaidh rialtais le 20 bliain anuas chun infheistíocht cuí a dhéanamh i gcúrsaí inathnuaite. Chomh maith leis sin, tá a fhios againn go bhfuil géarchéim ann mar gheall ar an gcostas atá ar bhreosla ach go háirithe. Tuigim go bhfuil ionaid sonraí sa Stát seo a úsáideann an oiread céanna leictreachais is a úsáideann ceantair tuaithe na tíre seo. Beidh ardú air sin go 30% d'úsáid leictreachais ar fad faoi 2030.

Mar gheall go bhfuil an deis agam labhairt leis an Aire Stáit faoi seo anois, ba mhaith liom plé a dhéanamh ar an gcostas sin agus ar an mbrú atá á chur ar theaghlaigh agus ar theaghlaigh tuaithe ach go háirithe mar gheall ar an ardú ar an gcostas ar bhreosla.

Chonaiceamar le gairid go bhfuil ardú 11% tagtha ar phraghas peitril agus díosail le coicís anuas. Mar is eol don Aire Stáit, níl an córas iompair poiblí céanna ag ceantair tuaithe is atá ag ceantair chathracha. Chomh maith leis sin, tá a fhios againn i gceantair cosúil le Conamara nach bhfuil na foinsí leictreachais sin ann i gcomhair carranna leictreachais ach an oiread. Tá daoine ag brath ar a gcuid carranna chun dul chuig an obair, chuig an siopa, chun an ospidéil, nó pé rud eile.

Tá a fhios agam freisin go bhfuil ardú praghais ann ag an bpointe seo agus go bhfuil sé €650 níos daoire anois ná ag an am seo anuraidh do dhaoine atá ag tiomáint carranna peitril. Dóibh siúd a bhfuil carranna díosail acu, tá ardú €640 i gceist ón mbliain anuraidh. Caithfimid rud éigin a dhéanamh chun cabhair a thabhairt do na daoine seo agus teastaíonn buiséad anois láithreach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.