Dáil debates

Wednesday, 1 June 2022

Ceisteanna - Questions

An Teanga Gaeilge

1:32 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tháinig an scéim i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2019 agus beidh sí i bhfeidhm go dtí go gcuirfear na caighdeáin nua i bhfeidhm faoin reachtaíocht nua. Ós rud é go ndéanann an reachtaíocht nua foráil do chaighdeáin nua a thiocfaidh in áit córas na scéimeanna teanga, thug an Roinn fhreagrach comhairle do mo Roinn gan scéim nua a ullmhú in 2022. Baineann formhór d’obair mo Roinne le hidirghníomhaíocht idir na Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais eile. Mar thoradh air sin, ní bhíonn aon éileamh mór ag an bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge ó mo Roinn. Tá curtha in iúl ag roinnt baill fhoirne atá ag obair i mo Roinn go bhfuil siad inniúil i nGaeilge agus go bhfuil siad in ann leibhéil éagsúla seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge. Astu sin, tá beirt fhostaí a bhfuil leibhéal ard inniúlachta sa Ghaeilge acu roghnaithe chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge de réir scéim teanga oifigiúil mo Roinne. Is leor na daoine sin chun freastal ar an éileamh atá ann. Tá teacht go héasca ag gach ball foirne de chuid na Roinne ar chúrsaí Gaeilge tríd aonad acmhainní daonna na Roinne.

Ó thaobh an aonaid shared island, bhuail mé féin agus an t-aonad leis na húdaráis sa Tuaisceart, go háirithe i gcomhthéacs na Gaeilge agus Ulster Scots. Dúramar le gach éinne go bhfuilimid sásta, tríd an aonad, gach aon tacaíocht gur féidir linn a chur ar fáil agus infheistíocht a chur isteach ó thaobh aon chomhoibriú idir an Deisceart agus an Tuaisceart. Táimid ag lorg tograí agus smaointe nua chun é sin a dhéanamh. Tá an doras oscailte agus beidh an t-aonad sásta aon tacaíocht gur féidir linn a thabhairt do na heagraíochtaí éagsúla atá ag comhoibriú ar fud an oileáin chun na teangacha seo a chur chun cinn. Beidh muid an-sásta é sin a dhéanamh. Tá an-chuid eolais agam anseo ó thaobh conas atá an scéim ag obair i mo Roinn agus is féidir liom é a thabhairt do na Teachtaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.