Dáil debates
Wednesday, 25 May 2022
Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation
1:12 pm
Darragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail) | Oireachtas source
Bhíomar ag caint faoi na rudaí seo cheana. Bhuail mé le Conradh na Gaeilge sa Spidéal coicís ó shin agus phléamar na leasuithe a bheidh mé ag cur isteach sa Bhille. Táim ag obair air sin anois. Tá súil agam go mbeidh mé in ann leasuithe tábhachtacha a chur isteach sa Bhille, go mór mór ó thaobh teideal an Bhille. Ba mhaith liom an coimisiún um thoghcháin a thabhairt ar an gcoimisiún nua. Tá leasuithe eile ann agus táim ag obair orthu sin. Táim cinnte go mbeidh mé ábalta an chuid is mó de na leasuithe a dhéanamh ar Chéim an Choiste.
No comments