Dáil debates

Wednesday, 27 April 2022

Financial Resolution No. 2: Mineral Oils Tax

 

6:57 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Agus muid ag plé an rúin seo sa Dáil anocht, tá daoine atá ag suí sa bhaile agus tá orthu an cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad in ann an chéad bhille atá ag teacht tríd an doras a íoc. Má íocann an bille sin an mbeidh siad in ann íoc as an tsiopadóireacht atá le déanamh acu an tseachtain seo chugainn chun cinntiú go mbeidh bia ar an mbord agus go mbeidh siad in ann bia agus béilí a réiteach don chlann?

Táimid ag seasamh agus ag plé anseo ag am céanna agus atá raic sa Rialtas faoin gcinneadh faoi cé acu a fhéadtar móin a dhíol do chomharsana béal dorais nó nach bhféadtar. Ag an bpointe sin, tá muintir an iarthair agus muintir na tuaithe ag rá nach bhfuil siad in ann íoc as an gcéad bhille eile a bheidh ag teacht tríd an doras, nach bhfuil siad cinnte an mbeidh siad in ann béilí a réiteach an tseachtain seo chugainn ionas go mbeidh a ndóthain bia ag mo chuid páistí. Ansin, tá an Rialtas ina raic faoi bhaint móna. Chomh maith leis sin, tá a fhios acu go bhfuilimid ag plé é seo anocht.

Táimid ag plé anseo agus tá leasuithe curtha chun cinn ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Dochartaigh, chun cinntiú go mbeidh rud déanta faoin bpraghas atá ar ola. Tuigimid go bhfuil daoine ag brath ar ola agus go bhfuil muintir an iarthair ag brath ar ola agus nach bhfuil tada déanta faoi phraghas ola. Tá daoine ag suí sa bhaile agus cloiseann siad é seo ar fad agus ní thuigeann siad. Ní thuigeann siad cén fáth nach bhfuil an Rialtas sásta tada a dhéanamh faoi sin. Tá na leasuithe seo curtha chun cinn againn i Sinn Féin mar gheall go dtuigimid an brú atá ar theaghlaigh agus go gcaithfear rud éigin a dhéanamh chun cabhrú leo.

Tá a fhios againn ar fad nach féidir leis an Rialtas gach uile shórt a dhéanamh agus nach mbeidh sé in ann a chinntiú nach mbeidh arduithe eile ag teacht aníos an bóthar mar gheall ar an gcogadh san Úcráin agus is é an rud ar chóir don Rialtas a dhéanamh ná cinntiú go ndéanann sé gach uile rud ar féidir leis ionas go mbeidh sé in ann cabhrú le gnáthmhuintir na tíre seo.

Is é sin an fáth gur chóir éisteacht leis na leasuithe atá ann anseo inniu agus gur chóir tacú leis na leasuithe atá anseo inniu agus cinntiú go gcabhrófar leis an muintir sin agus leis na daoine atá ag suí sa bhaile agus nach bhfuil cinnte an mbeidh siad in ann praghas ola a íoc. Cinnteoidh an leasú atá ann i dtéarmaí phraghas ola go mbeidh laghdú de €118 ar líon ola. Tá go leor airgead i gceist a gcabhródh le daoine atá faoi bhrú agus a bheidh faoi bhrú níos mó mar gheall ar chinneadh an Rialtais seo agus an raic ar fad atá ag an Rialtas.

Ní thuigeann sé an brú atá ar dhaoine agus go bhfuil daoine ag brath ar mhóin atá á baint ag na comharsana béal dorais. Ní thuigeann sé go bhfuil ar dhaoine líon ola a fháil mar gheall nach bhfuil tada eile acu agus go bhfuil siad ag brath ar an gcarr mar gheall nach bhfuil bus sa cheantar. Tá na harduithe ar fad atá ag teacht seachtain i ndiaidh seachtaine ag cur tuilleadh brú ar ghnáthmhuintir na tíre seo. Mar gheall ar sin, ba chóir éisteacht leis na leasuithe atá curtha chun cinn againn inniu agus ba chóir tacú leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.