Dáil debates

Tuesday, 5 April 2022

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Wastewater Treatment

10:50 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil suim faoi leith ag an Aire Stáit san ábhar seo. Is é an t-ábhar atá faoi chaibidil agam ná an ionad cóireála séarachais, wastewater treatment plant, atá beartaithe do Chéibh an tSrutháin ar An gCeathrú Rua i gConamara. Tá sé beartaithe le fada an lá agus níl a fhios agam cé chomh fada agus atá muintir an cheantair ag streachailt agus i mbun feachtais chun ionad cóireála séarachais a fháil. Toghadh mise don chéad uair in 1999, níos mó ná 22 bliain ó shin, don chathair ach bhí mé ar an eolas faoin bhfeachtas a bhí faoi lán seoil i gConamara mar tá séarachas ag dul isteach san fharraige agus muidne i mbun cainte anseo.

I mo thuairim agus i dtuairim formhór na ndaoine sa cheantar, ní raibh an suíomh a bhí pioctha agus atá ann le haghaidh an ionaid seo feiliúnach riamh. Is é sin an suíomh a bhí aitheanta ag an gcomhairle contae, áfach, agus ansin ag Uisce Éireann. Ní raibh mise sásta riamh ach, ar a laghad, bhí an rud ag dul ar aghaidh. Níos tábhachtaí fós, ní raibh muintir na háite sásta ach bhí sé chun dul ar aghaidh ar aon nós.

Tá an suíomh i seilbh duine phríobháidigh. Tá cead pleanála faighte ag an duine sin le hionad eile a thógáil ar an suíomh. Tá an ceart aige, agus é agus a chlann i mbun feachtais le fada an lá freisin. Is é an deacracht atá ann anois, áfach, ná go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh aon ionad cóireála séarachais ar an suíomh sin.

Cad atá le déanamh againn? Níos tábhachtaí, cad atá le déanamh ag Uisce Éireann agus an Rialtas? Ní féidir leanúint ar aghaidh. I mo thuairim agus i dtuairim mhuintir na háite, tá áit i bhfad níos feiliúnaí i Ros an Mhíl ach dúradh linn ag dul siar nárbh fhéidir é sin a úsáid. Tá sé práinneach anois breathnú ar an suíomh sin. Tá an suíomh i seilbh Údarás na Gaeltachta. Tá sé i bhfad níos feiliúnaí. Ní saineolaí mé ach bheadh sé i bhfad níos feiliúnaí, do cheantar níos mó, ná an ceann a bhí beartaithe.

Ag an bpointe seo, níl an dara rogha agam ach é a ardú anocht agus brú a chur ar an Roinn rud a dhéanamh ó thaobh an séarachas atá ag dul isteach san fharraige. I am not going to repeat that in English as I know the Minister of State understood everything I said.

We knew this was the wrong site. I will put it like that. I am not here to say we were right - quite the opposite - but we knew there were difficulties with this site. That is the site that was chosen, however, despite the people of the area highlighting that it was not suitable. I do not want to exaggerate but I have been aware of this matter since I was elected in 1999, even though it was not in my area at the time.

Irish Water put all its eggs in one basket to build a wastewater treatment plant on this site and its owner has just secured planning permission from An Bord Pleanála to build something completely different on it. Fair play to the owner, who has struggled to get that planning but obviously the wastewater treatment plant cannot proceed at the site now. I am seeking urgent clarification first and then I want to hear what steps the Government is going to take to ensure the site that should have been picked in the first place will be picked. I also want urgent steps to be taken to construct a treatment plant there.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.