Dáil debates
Tuesday, 5 April 2022
Ceisteanna Eile - Other Questions
Harbours and Piers
10:10 pm
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá imní ar mhuintir Inis Oírr nach bhfuil an iarratas iomlán do cheadúnas imeall trá curtha isteach go fóill agus go mbeidh moill eile do bhliain eile leis mar gheall go gcaithfear, de réir rialacháin an Aontas Eorpaigh, an staidéar timpeallachta a thabhairt suas chun dáta. An feidir leis an Aire a dheimhniú go gclúdóidh an maoiniú na costaisí ó tharla go bhfuil ardú tagtha ar phraghsanna? I know the Minister has an interest in the question but I am aware of timing.
No comments