Dáil debates
Wednesday, 30 March 2022
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
1:12 pm
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba mhaith liom aird an Taoisigh a tharraingt ar chúrsaí séarachais ar Inis Mór, atá ag truailliú na timpeallachta agus ag cur isteach ar shláinte mhuintir an oileáin. Tá leithris phoiblí nua, córas séarachais chuí do thithe Chill Rónáin agus córas séarachais rialaithe ag teastáil, chomh maith le plean do chóras cóireála fuíolluisce. An ndéanfaidh an Taoiseach fiosrú ar an bhfadhb seo agus an gcinnteoidh sé go mbeidh an obair atá ag teastáil ar chóras séarachais Inis Mór déanta i gceart?
No comments