Dáil debates

Wednesday, 23 March 2022

Water Services (Amendment) Bill 2022: First Stage

 

1:02 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

I move:

That leave be granted to introduce a Bill entitled an Act to provide for the ongoing registration of domestic wastewater systems and to eliminate the requirement to register by a prescribed date in order to enable all householders to register their domestic wastewater systems.

Táimid ag dul ag roinnt dhá nóiméad go leith an duine. Is é an t-ainm atá ar an mBille seo ná An Bille um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2022. Is é an bunús atá leis seo ná nuair a tugadh isteach an tseirbhís uisce in 2012, bhí ar dhaoine amuigh faoin tuath a raibh córais eisilte baile acu clárú roimh dháta áirithe. Murar chláraigh siad roimh an dáta sin, ní raibh siad in ann clárú a riamh go deo ina dhiaidh sin.

Chiallaigh sé sin ar lámh amháin go raibh dualgas dlí orthu agus ar an lámh eile mura ndearna siad é sin roimh thús na bliana 2013, ní raibh siad in ann go deo cloí leis an dlí. Míneoidh mo chomhghleacaí na himpleachtaí a bhaineann leis seo.

Is Bille thar a bheith simplí é seo. Níl ach alt an-ghearr ann. Go deimhin, níl i mbunús an Bhille ach abairt bheag amháin a bhaint as an seanreachtaíocht ach bheadh tionchar mór aige ar go leor daoine amuigh faoin tuath.

Is é ceann de na rudaí go gcaithfimid cuimhneamh air i gcónaí ná gur beag an caiteachas a dhéantar ar chóras eisilte tuaithe ag an Stát. Ní dhéantar ach cúpla céad míle in aghaidh na bliana. Má chuirtear é sin i gcomparáid leis na córais eisilte baile ar fud fad na tíre, áit a gcaitear na billiúin, feictear go bhfuil na daoine faoin tuath ag iompar ualaigh nach bhfuil ar na daoine sa chathair.

Níor cheart go mbeadh an laincis seo orthu maidir leis nach féidir leo clárú agus mar sin, tá mé ag moladh go nglacfar leis an mBille seo le foilsiú agus go gcuirfear faoi bhráid na Dála é. Tabharfaidh mé deis anois do mo chomhghleacaí atá liom ar an mBille seo, an Teachta Murnane O’Connor, cúpla focal a rá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.