Dáil debates

Wednesday, 2 March 2022

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

5:42 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé go deas a bheith leis na Teachtaí inniu agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge. Tugann Seachtain na Gaeilge deis do gach duine a gcuid Gaeilge a úsáid, bíodh siad líofa nó fiú mura bhfuil acu ach an cúpla focal. Is féile é do gach uile dhuine ar an oileán. Gabhaim buíochas leis na Teachtaí uile a ghlac páirt sa díospóireacht inniu. Rinneadh go leor pointí maithe a thugann ábhar machnaimh dom. Aithním an t-ionchur a bhí ag an Teachta Ó Snodaigh sa díospóireacht sa Teach seo maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Maidir leis na coláistí samhraidh, ní foláir dom a mheabhrú go bhfuil beagnach €8 milliún curtha isteach san earnáil le linn na paindéime. Tá beagnach €85 milliún á gcur ar fáil ag mo Roinn don teanga i mbliana. Is méadú €7 milliún é ar 2021. Níl an Teachta Ó Cuív anseo anois ach, maidir leis an dualgas atá ag comhlachtaí poiblí i leith na reachtaíochta teanga, táimid ag earcú tuilleadh daoine sinsearacha le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta. Tá mé dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar rudaí dá bharr.

Tá níos mó infheistíochta curtha isteach sa Ghaeilge, sna bailte agus sna cathracha a luaitear ach go háirithe sna pleananna teanga do na bailte seirbhíse Gaeltachta agus do na líonraí Gaeltachta.

Tagraím don mhéid a dúirt an Teachta Cathal Crowe. Bhain mé sult as an turas a bhí agam go hInis. Chonaic mé an tionchar a bhí ag grúpa daoine in Inis ar obair theanga le daltaí sa Ghaelscoil ansin.

Luaigh an Teachta Pádraig O'Sullivan obair an údaráis agus an fhorais. Cuireann na heagraíochtaí sin go leor airgid ar fáil do ghrúpaí pobail, do chomharchumainn Ghaeltachta, do Ghaelscoileanna agus do na coistí pleanála teanga. Déanann mo Roinn an rud céanna. Deanann na grúpaí seo obair den scoth leis na heagrais Stáit chun an t-airgead a fhaigheann siad a úsáid sa bhealach is fearr.

Aontaím le go leor den mhéid a dúirt an Teachta O'Dowd. Beidh áthas air a chloisteáil go bhfuilimid ag obair leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar mhaithe leis na fadhbanna pleanála Gaeltachta a réiteach.

Luaigh an Teachta Calleary an easpa daoine sinsearacha le Gaeilge sa státchóras. Tiocfaidh feabhas air sin de réir a chéile agus de réir mar a chuirfear an tAcht nua i bhfeidhm. Beidh níos mó daoine le Gaeilge á earcú ansin. Aontaím leis an Teachta gur cheart fáilte a chur amach chuig saoránaigh nua agus ba mhaith liom tuilleadh a dhéanamh chuige sin.

Luaigh an Teachta Ó Cathasaigh buiséad na Gaeilge sna Tithe seo agus ba mhór an pléisiúr domsa an 24 uair an chloig a chaith muid i mbun díospóireachta sa Teach seo trí Ghaeilge ag déileáil le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Aontaím leis an Teachta gur chóir níos mó daoine a bheith againn. Molaim an Teachta McHugh as an dea-shampla atá taispeáinte aige do dhaoine atá ag iarraidh na teanga a fhoghlaim. Gabhaim buíochas leis as na dea-bheannachtaí.

Tá an ceart ag an Teachta Connolly go dtugann teanga dúchais an duine solas don duine in am an ghátair. Táimid uilig sa Teach ag cuimhneamh ar mhuintir na hÚcráine ag an am deacair seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta Aindrias Moynihan as a ionchur sa díospóireacht agus molaim é as an díograis a léirigh sé agus é ag cur na teanga chun cinn sa Teach seo.

Aontaím leis an Teachta McDonald go bhfuil obair den scoth ar bun ag lucht na nGaelscoileanna agus ag na Gaelcholáistí. Tá go leor ar siúl ag mo Roinn sna scoileanna céanna agus sna bunscoileanna ar fud na tíre.

Aontaím leis an Teachta Mairéad Farrell go bhfuil níos mó cialla ag na logainmneacha Gaeilge. Tá an oiread saibhris teanga sna logainmneacha sin agus beidh deis againn dul i ngleic leis seo agus muid ag aontú caighdeáin teanga leis na húdaráis áitiúla sna míonna amach romhainn.

Níl an deis agam gach Ball a fhreagairt ach is bliain stairiúil í don teanga mar tháinig leis an maolú ar úsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar an 31 Nollaig 2021. Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúine amach anseo. Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge á húsáid ag leibhéil Eorpach mar is cuid lárnach dár bhféiniúlacht í.

Chomh maith leis sin, shínigh Uachtarán na hÉireann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ag deireadh na bliana seo caite. Is céim eile chun cinn don teanga atá sa reachtaíocht seo. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu. Níl an obair seo ach ina tús mar beidh iarracht ollmhór de dhíth trasna an státchórais uile ar mhaithe leis na spriocanna uaillmhianacha sin a bhaint amach. Táim lán-mhuiníneach gur féidir é a dhéanamh agus go bhfeicfimid feabhas suntasach ar na seirbhísí poiblí a chuirfear ar fáil i nGaeilge sna blianta amach romhainn.

Go ginearálta, feicim go bhfuil go leor rudaí dearfacha ag tarlú faoi láthair mar a bhaineann siad leis an teanga. Táimid ar tí dul chun cinn suntasach a dhéanamh, go háirithe leis an stádas nua atá ag an teanga san Aontas Eorpach agus leis na spriocanna uaillmhianacha atá le baint amach againn leis an Acht nua. Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle as gach rud a dhéanamh chun an teanga a fheabhsú sa Teach. Gabhaim buíochas le hAodhán Mac Cormaic agus leis an bhfoireann sa Roinn freisin. Bainigí sult as Seachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.