Dáil debates

Wednesday, 2 March 2022

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

5:32 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis cúpla focal a rá le linn na ráitis maidir leis an nGaeilge chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh. Úsáidfidh mé an frása a d'úsáid mo chomhghleacaí, an Teachta Pringle - táim ag tnúth leis an lá nach mbeidh gá le Sheachtain na Gaeilge nó le coicís na Gaeilge. Tá mearbhall orm; níl a fhios agam an coicís nó seachtain atá ann ach táim ag tnúth leis an lá nach mbeidh aon ghá le Seachtain na Gaeilge agus go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite i ngnó na Dála go nádúrtha. Tá tús curtha leis sin; tá coiste bhuan againn anois a bhí ann roimh an toghchán agus atá ann arís leis an Teachta Ó Snodaigh mar Chathaoirleach air. Tá coiste stiúrtha eile le bhunú agus gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle mar is coincheap uaidh a bhí ann é sin a dhéanamh. Beidh sé sin á sheoladh an tseachtain seo chugainn chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Dáil.

Tá rudaí maithe déanta. Tá an tAcht againn i ndeireadh na dála agus an dúshlán anois ná é a chur i bhfeidhm. Is rud dearfach é sin agus tá sé dearfach freisin go bhfuil an dá choiste ann. Is rud dearfach é go bhfuil i bhfad níos mó cabhrach againn anois leis an liosta téarmaí, rud atá thar a bheith cabhrach dúinn sa Dáil. Nílimid in ann coinneáil suas leis an éileamh ó thaobh oideachais lán-Ghaeilge de agus sin dúshlán mór dúinn.

Tá na téamaí ceannann céanna ag teacht suas arís agus arís ó thaobh na nGaeltachtaí de. Ceann de na téamaí sin ná cursaí tithíochta agus na fadhbanna atá ann. Tá an teanga fite fuaite le cúrsaí tithíochta agus ní mór dúinn an dá rud a réiteach le chéile. Chuala mé drochscéal inniu. Tá Scoil Náisiúnta Bhríde i Leitir Caladh le dúnadh an bhliain seo agus seo an tríú scoil atá le dúnadh sa cheantar - Ceantar na nOileán i gConamara - le blianta beaga anuas. Tá an fhadhb ag dul ar aghaidh le 20 bliain. Tá súil agam go mbeidh réiteach ar an scéal sin agus sa cheantar céanna tá an t-uafás tithe folamh. Tá réitigh ar na fadhbanna seo; sin an rud a chuireann frustrachas orm.

Roimh dom a chríochnú ní mór dom a rá go bhfuil na ráitis atá faoi chaibidil againn á ndéanamh againn faoi scamall dorcha an cogaidh atá ar siúl san Úcráin.

Ní mór dúinn muintir na hÚcráine a choinneáil inár n-aigne.

Tá sé suntasach in am an ghátair, nó am na paindéime mar atá feicthe againn leis an Covid, go dtéimid i dtuilleamaí na teanga chun suaimhneas agus míniú a fháil ar na rudaí uafásacha atá ag tarlú. Tá sé sin suntasach. Ní mór dúinn úsáid a bhaint as sin ó thaobh na Gaeilge de. Tá saibhreas sa Ghaeilge ó thaobh an nádúir de. Ní féidir an duine a dheighilt ón nádúr i dteanga na Gaeilge. Tá an dá phíosa fite fuaite le chéile.

Tá cuid den réiteach aici ar athrú aeráide. Maidir le coincheap na meithle, téimid i muinín na meithle i ndomhan na nGael freisin. Is réiteach é ar chuid de na fadhbanna atá againn. Tá na coincheapa go léir sa Ghaeilge. Tá réitigh sa Ghaeilge.

Tá buntáiste mór againn le dá theanga. Is buntáiste é a bheith dátheangach agus níos mó teanga a bheith agat, más féidir. Tugann sé súil agus cluas eile dúinn. Tá éacht déanta ag Raidió na Gaeltachta agus ag TG4, le cluas agus súil eile a thabhairt dúinn. Tá dúshlán ag RTÉ tuilleadh Gaeilge a úsáid agus an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí ar an stáisiún. Is féidir é a dhéanamh mar tá foireann ann atá dátheangach agus níl úsáid cheart á baint aisti.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.