Dáil debates

Wednesday, 2 March 2022

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

5:22 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim comhghairdeas agus aitheantas chuig an gCeann Comhairle fá choinne a éachta agus iarrachta thar na blianta ina ról an Ghaeilge a bhogadh ar aghaidh agus fá choinne an spreagtha a rinne sé agus an jab atá déanta aige thar na blianta. Tá sé sin tábhachtach. Chomh maith leis sin, gabhaim aitheantas le Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, an Teachta Ó Snodaigh, fá choinne an freagracht, dualgas agus tionchar atá déanta aige mar sa Dáil, níl an beartas Gaeilge ná an polasaí Gaeilge mar chúrsaí polaitiúla.

Tá dualgas agus freagracht orainn ar fad ar son na Gaeilge chun í a choimeád agus a bhogadh ar aghaidh. Is é sin an fáth go mbeimid ag labhairt ar an teanga anocht. Is é an dualgas atá orainn fosta ná a bheith ag úsáid na teanga trí na pasáistí agus ag labhairt leis na huiséirí sa bhialann. Dá mbeimis ag úsáid na teanga ó lá go lá sa siopa inár gceantair féin agus ag labhairt leis na daoine trí Ghaeilge, bheadh sé sin ar an mbealach is mó.

Tá an t-infreastruchtúr ann sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus san obair atá déanta thar na blianta. Tá an plean teanga ann. Tá an dualgas ar Údarás na Gaeltachta agus ar an bhfochoiste Mhuintearas. Rinne daoine feachtais thar na blianta, amhail Conradh na Gaeilge. Tá an t-éacht déanta faoi sin agus is é an teachtaireacht is mó anois ná go bhfuil dualgas orainn an Ghaeilge a úsáid do na daoine atá ag éisteacht leis na díospóireachtaí atá á mbaint amach ón Teach seo ó lá go lá.

Maidir leis na daoine atá ag obair i Roinn an Oideachais, agus bhí mise ann ar feadh bliain go leith ag bogadh na Gaeilge chun tosaigh, is í an fhreagracht is mó atá orthu ná maidir leis na daoine óga agus na daltaí réamhscoile. Tá sé le feiceáil sna ceantair Ghaeltachta a bhfuil na naíonraí agus na daoine beaga ag úsáid na teanga ó lá go lá agus na daoine sna bunscoileanna tríd an tumoideachas agus mar sin de. Má bhíonn na daoine níos óige ag úsáid na teanga nuair atá siad níos óige, beimid in áit dhifriúil thar na blianta.

Labhróidh mé maidir le rud diúltach, is é sin an bhearna atá ann. Thar Covid, bhíodh na daoine uile ina dtithe féin. Ní bhíodh na comharsana ag labhairt le chéile. Ní bhíodh na daoine ag déanamh airneáin chuig na tithe. Cá raibh siad ag úsáid na teanga thar dhá bhliain? Beidh fadhb leis sin agus beidh aon tacaíocht nó aon chuidiú leis sin de dhíth.

Níor mhaith liom a bheith diúltach anocht mar go raibh an díospóireacht seo iontach dearfach. Bhí seoladh inniu leis An nGarda Síochána agus bhí plean ag bogadh amach faoin teanga. Bhí mé ag smaoineamh faoi Leitir Ceanainn atá ainmnithe mar bhaile seirbhíse.

Ní raibh Leitir Ceanainn istigh i bplean An Gharda Síochána inniu agus is botún é sin. B'fhéidir go mbeidh deis ann go luath aitheantas a thabhairt do Leitir Ceanainn mar bhaile seirbhíse tríd an stáisiún ann.

Tá rudaí dearfacha ag baint leis an teanga ach an dualgas is mó atá ann ná an teanga a úsáid. Aithním an cheannaireacht a léirigh an Ceann Comhairle sa chomhthéacs sin thar na blianta ina ról.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.