Dáil debates

Wednesday, 2 March 2022

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

5:12 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú) | Oireachtas source

Is linne go léir an Ghaeilge agus is seoid í. Tá sí scríofa inár n-ainmneacha agus inár logainmneacha agus is teanga ársa í ach is teanga nua-aimseartha í freisin. Tá daoine ag tógáil clainne léi, tá daoine ag déanamh a gcuid gnó léi agus tá sí mar mheán cumarsáide ar Twitter, ar Facebook, ar Instagram agus ar Tiktok. Tá sí fite fuaite inár bhféiniúlacht sa tír seo. Is stór saibhir í le scéalta, ealaín, filíocht, dráma agus amhráin i nGaeilge. Is struchtúr smaointe í an Ghaeilge freisin agus gan í, bhásódh giota den éagsúlacht agus de shaibhris na tíre agus an domhain seo.

An tslí is fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn ná í a labhairt agus caithfidh go mbeadh an Rialtas dírithe ar an jab sin go huile is go hiomlán. Is é an Ghaeltacht tobar na Gaeilge. Tá go leor daoine ag caint na Gaeilge timpeall na tíre agus is rud iontach é an teanga a bheith láidir timpeall na tíre ach muna mbeadh an Ghaeilge láidir sa Ghaeltacht, bheadh fadhb ollmhór ann. Caithfidh go mbeadh an teanga mar theanga phobal chun go mbeadh sí láidir agus saibhir.

Tá go leor rudaí iontacha ag tarlú timpeall na tíre agus tugann na rudaí sin dóchas dúinne mar gheall ar an nGaeltacht ach caithimid a bheith ionrach freisin mar gheall ar staid na Gaeilge. Tá an Ghaeilge i gcruachás sa Ghaeltacht timpeall na tíre. Sa daonáireamh deireanach bhí titim 11% sa líon cainteoirí Gaeilge laethúla sa Ghaeltacht. Daonáireamh i ndiaidh daonáirimh, tá an figiúr sin ag dul sa treo céanna. Bhíos ag féachaint ar na figiúirí. Ag caint faoi pháistí trí bliana d'aois agus ceithre bliana d'aois sa Ghaeltacht iomlán a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil, níl ach 500 díobh fágtha. Tá an Ghaeilge sa Ghaeltacht crochta ar an téad sin. Níl ach 500 páiste idir trí bliana d'aois agus ceithre bliana d'aois sa Ghaeltacht iomlán ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Is fíor beag an méid sin. Bíonn go leor páistí sa Ghaeltacht ag freastail ar naíonraí lán-Bhéarla. Bíonn go leor teaghlach ag tógáil a gcuid páistí sa Ghaeltacht i nGaeilge agus níl de rogha acu ach a pháistí a sheoladh chuig naíonra lán-Bhéarla, rud atá dochreidte.

Nuair a bhreathnaítear ar Údarás na Gaeltachta, is é an col ceathrar bocht é i gcomparáid le IDA Ireland nó Enterprise Ireland. Timpeall sé bliana tar éis na ghéarchéime eacnamaíochta ní bhfuair Údarás na Gaeltachta pingin sa bhreis. Nuair a bhí IDA Ireland agus Enterprise Ireland ag fáil ní ba mhó airgid bhí siadsan ag dul chun cinn ach bhí Údarás na Gaeltachta ag déanamh an rud céanna sa Ghaeltacht, ag tabhairt post do Ghaeilgeoirí agus ní raibh sé ag fáil airgead ar bith sa bhreis.

Tá easpa tithíochta le haghaidh Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht. Tá mise tar éis a rá leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers - b'fhéidir go n-éistfidh sé leis an bpointe seo - go bhfuil go leor daoine i gcruachás mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta ag an bomaite. Tá go leor díobh ag tógáil a gclainne le Gaeilge sna cathracha, i mBaile Átha Cliath nó sna bailte móra cosúil le Droichead Átha agus an Uaimh. Tá Gaeltacht ann i gContae na Mí darbh ainm Ráth Chairn agus d'fhéadfadh an Rialtas tithe a thógáil ann. D'fhéadfadh na daoine atá i gcruachás mar gheall ar thithíocht a bheith ina gcónaí i Ráth Chairn ag cur leis an nGaeltacht ansin agus bheadh siad in ann tiomáint chuig Baile Átha Cliath nó cibé baile atá thart timpeall. Rinne Éamon de Valera an éacht sin sna 1930í ach níl an ambition céanna ag an Rialtas seo an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tagraím do chúrsaí scolaíochta. Tá 25% de pháistí agus de thuismitheoirí sa tír seo ag iarraidh Gaelscolaíochta. Níl ach 6% ag fáil Gaelscolaíochta. Bímse ag éisteacht le caint ar an raidió agus ar an teilifís ar Ghaeilge éigeantach ach an fírinne ná go bhfuil an Béarla éigeantach sa chóras oideachais sa tír seo.

Chun an fhírinne a rá, is é an Béarla atá éigeantach i gcóras oideachas na tíre seo. Má tá páiste nó tuismitheoir ag iarraidh Gaeilge a bheith ar fáil, tough luck, mar a déarfá. Níl an rogha ag daoine an chuid is mó den am.

Rinne mé camchuairt ar gach Gaeltacht sa tír cúpla bliain ó shin. Bhí mé ag caint leis an gcuid is mó de na príomhoidí sna scoileanna sa Ghaeltacht. Dúirt siad liom nach raibh siad in ann teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge sa tír seo. Tá caighdeán na Gaeilge tite i measc na múinteoirí a bhfuil siad in ann teacht orthu.

Is fáinne fí é. Nuair a thiteann caighdeán an mhúinteora, titeann caighdeán na bpáistí agus nuair atá na páistí fásta suas chun bheith ina múinteoirí, tá a gcaighdeán tite freisin. Is drochrud é sin. Bhuail mé leis an Roinn Oideachais. Is fíorbheag an méid daltaí ar an ollscoil atá ag fáil a dteagasc múinteoireachta i nGaeilge. Táthar in ann iad a chomhaireamh ar lámh amháin.

Mar gheall ar stádas na Gaeilge, má éirítear stádas na Gaeilge, beidh níos mó meas ag daoine ar an nGaeilge. Nuair atá níos mó measa uirthi, beidh sí á labhairt ag níos mó daoine. Is é an tslí ar féidir é a dhéanamh ná comhionannas a thabhairt do chló ainm Ghaeilge ar chomharthaí bóithre. Ní chosnódh sé sin pingin sa bhreis ar chor ar bith.

Ba cheart tacaíocht a thabhairt do chlanna atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Bhí tacaíocht ann fadó. Fuair Aire Fhine Gael réidh leis an tacaíocht sin cúpla bliain ó shin. Ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh mar gurb iadsan an todhchaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.