Dáil debates

Wednesday, 2 March 2022

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

4:42 pm

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Gach bliain feicimid go léir na físeanna ar líne, a bhíonn á dhéanamh ag polaiteoirí go háirithe, ag moladh do dhaoine an Ghaolainn atá acu a úsáid. Níl sé difriúil an bhliain seo. Tá na polaiteoirí go léir amuigh arís an tseachtain seo ag moladh do dhaoine an teanga atá acu a úsáid ach, mar a dúirt na cainteoirí níos luaithe, caithfimid déanamh níos fearr ó thaobh ár n-úsáid féin.

Gach maidin éirím agus tógaim mo leanbh féin go dtí an réamhscoil thíos i nGaelscoil Uí Drisceoil i nGleann Maghair. Gach lá ar scoil úsáideann sé píosa Gaolainne agus nuair a thagann sé abhaile bím ag cleachtadh as Gaeilge leis freisin. Is rud beag é sin ach is rud é gur féidir leis an chuid is mó de mhuintir na tíre a dhéanamh lena leanaí féin. Molaim do gach duine an méid sin a dhéanamh más féidir leo.

I láthair na huaire, úsáideann thart ar 8% de mhuintir bhunscoile na tíre Gaolainn ar scoil gach lá agus tá méadú beag tagtha ar líon na gcainteoirí Gaolainne ar fud na tíre le deich mbliana anuas. Nuair a bhíos ag féachaint ar an nuacht agus ar Twitter aréir, chonaic mé fís ghearr de chailín a bhí gafa i lár na trioblóide thall san Úcráin. Bhí sé go deas an Ghaolainn a fheiscint thall san Úcráin, cé gur géarchéim atá ann faoi láthair. Feicim an Ghaolainn á úsáid freisin in institiúidí na hEorpa. Tá Billy Kelleher, go háirithe, tar éis iarracht mhór a dhéanamh le bliain anuas an Ghaolainn a úsáid thall ann.

Is duine praiticiúil mé. Bhíos i mo mhúinteoir freisin agus ó thaobh rudaí praiticiúla gur féidir linn a dhéanamh, ní dóigh liom go bhfuil ag éirí rómhaith linn ó thaobh na teanga de. Tá an iomarca béime curtha ar eagraíochtaí agus institiúidí éagsúla, seachas rudaí bunúsacha a dhéanamh le daltaí agus páistí go háirithe. Déanann eagraíochtaí cosúil le Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge sárobair ó thaobh dul chun cinn na teanga ach ba cheart dúinn an fócas i leith na teanga a dhíriú isteach ar na scoileanna. An t-aon rud a mholfaidh mé anocht ná go gcaithfimid infheistíocht cheart a dhéanamh i TG4 agus Raidió na Gaeltachta mar sin an t-aon slí gur féidir linn dul chun cinn na teanga a chothú ó thaobh an aos óg.

Tá buairt amháin agam i leith na Gaeilge sa teastas sóisearach, agus go háirithe san ardteistiméireacht.

Táimid ag labhairt faoi stádas na teanga don ardteistiméireacht. Tá seans ann nach dtabharfaimid an t-aitheantas ceart don teanga ó thaobh rás na bpointí de. Is oth liom a rá, má tharlaíonn sé sin, nach ndéanfaidh sé aon mhaitheas don teanga. Tá daoine ag labhairt freisin mar gheall ar an mbonnleibhéal a bheith curtha ar ceal. Dá ndéanfaimis é sin, bheadh sé sin go hainnis don teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.