Dáil debates
Wednesday, 2 March 2022
Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis
4:32 pm
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tugann Seachtain na Gaeilge deis dúinn machnamh a dhéanamh ar stádas agus staid na Gaeilge sa Stát agus sa tír seo trí cheile, go deimhin. Bíodh is gurbh í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de chuid an Stáit seo is teanga mhionlaigh fós í agus táim den bharúil go bhfuil sé in am ag an Stát breathnú an athuair ar na spriocanna móra agus an fhís atá ann i leith na Gaeilge.
Tá go leor cainte faoi láthair, mar shampla, maidir le traslitriú ainm phríomhchathair na hÚcráine, Kyiv, agus céard é an leagan is dílse don Úcráinis sa chaoi is gur féidir náisiún agus cultúr na hÚcráine a dhlisteanú. Is maith ann an díospóireacht sin agus tugann sé téamaí éagsúla chun cinn i dtaobh an impiriúlachais agus an gá atá ann le díchoilíniú iomlán a dhéanamh i náisiún a bhí faoi chois ag náisiún eile.
I ndáiríre, shílfí gur cheart go mbeimid ag breathnú níos giorra don bhaile. Tá glacadh fós leis na logainmneacha gallda a bhaisteadh ar chathracha, bhailte agus sráidbhailte na tíre seo le teann fornirt cúpla céad bliain ó shin. Cén fáth nach leanaimid sampla mhuintir na hÚcráine san fheachtas dá cuid le Kyiv seachas Kiev, agus tosú ag caint faoi Bhaile Átha Cliath seachas Dublin, faoi Bhéal Feirste seachas Belfast, faoi Ghaillimh seachas Galway agus tuilleadh nach iad? Níl ciall na réasún le formhór na logainmneacha Béarla sin ar an gcéad dul síos.
Níor mhiste liom an deis a thapú freisin athaontú na hÉireann a phlé i gcomhthéacs na Gaeilge. Tá sé tábhachtach agus an cheist mhór seo faoi chaibidil againn na snáitheanna sin a cheanglaímid ar fad le cheile sa tír seo, Thuas is Theas, a aithint agus a cheiliúradh. Tá an Ghaeilge ar cheann de na snáitheanna sin. Tá baint ag an nGaeilge ar bhealach amháin nó eile le gach uile dhuine agus phobal de bhunadh an oileáin seo, mar aon le duine ar bith nua a chuireann faoi nó fúithi in éineacht linn. Is linn uile í.
Aithnímid, cuirim i gcás, an taighde ceannródaíoch a rinneadh le gairid ar shaighdiúirí de chuid airm na Breataine as oirthear Bhéal Feirste a throid sa Chéad Chogadh Domhanda a léirigh go raibh Gaeilge ag go leor acu. Ba iad seo Protastúnaigh as pobal ina raibh an tacaíocht is láidre don Bhreatain thar aon áit eile in Éirinn agus bhí siad sásta a rá in 1911 go raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Níl aon dabht ach go dtugann Éire aontaithe deis nua dúinn tarraingt ar an oidhreacht chomónta seo atá againn in Éirinn, tógáil ar bhuntáistí an dátheangachais agus pobal a nascadh lena n-oidhreacht agus lena gcultúr. Is féidir linn an Ghaeilge a úsáid mar sheoid chultúrtha atá againn ní hamháin sa lá atá inniu ann, ach ar feadh blianta fada.
Má táimid chun athmhuintearas agus dlúthpháirtíocht a chothú, níor mór dúinn a thuiscint gur den phobal céanna muid inniu agus inné. Tá sé de sheans againn anois tír agus náisiún nua forásach a shamhlú don oileán seo a chuireann fáilte roimh an uile dhuine agus a thugann aird i gcónaí ar na nithe sin a nascann muid le chéile thar na rudaí a scarann óna chéile muid.
Is ceart go mbeadh an teanga lárnach sa phróiseas sin. Rinneadh an pointe go bhfuil sé fíorthábhachtach dúinn ar fad a labhraíonn Gaeilge, má tá páistí againn agus má táimid in ann, Gaeilge a labhairt leis na páistí sin. Má smaoiníonn muid siar ar an stair atá againn, bhí gaolta againn ar fad le fada in Éirinn agus ag pointe amháin shocraigh na gaolta sin labhairt i mBéarla seachas i nGaeilge, cé nach raibh an Béarla fiú ar a dtoil acu ag an bpointe sin. Shocraigh siad an t-athrú sin a dhéanamh agus ba chóir dúinne ar fad an t-athrú sin a dhéanamh arís chun cinntiú go labhraítear Gaeilge amach anseo. Sin rud go gcaithfimid ar fad smaoineamh air.
No comments