Dáil debates

Wednesday, 2 March 2022

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

4:22 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá mise ag tógáil cúig nóiméad. Tá ceithre nóiméad ag mo chomhghleacaí. Ar an gcéad dul síos, tá an díospóireacht seo tábhachtach ach níor mhaith liom go gceapfadh daoine go bhfuil a gcuid déanta don bhliain agus nach gá an Ghaeilge a labhairt go ceann bliana arís. Tá cuid den dearcadh sin le feiceáil ar RTÉ. Déanann sé rudaí beaga simplí i nGaeilge an tseachtain seo gur féidir leis iad a dhéanamh ar fud na bliana. Níl a fhios agam cén fáth nach leanann sé ar aghaidh leis. Ní bhíonn éinne ag tabhairt amach i rith seachtain Lá Fhéile Phádraig ach téann sé ar ais ar na sean-nósanna arís.

Ba oscailt súile é do go leor daoine a bhí ag breathnú ar TG4 nó ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta le seachtain anuas, agus an cogadh uafásach tragóideach sin ar bun san Úcráin, an méid daoine a rabhadar in ann teacht orthu ón Úcráin agus ón Rúis a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bhí in ann labhairt go stuama agus go heolasach ar an ábhar seo. Ansin, deireann daoine sa tír seo nach bhfuil siad in ann an teanga a fhoghlaim.

Tá roinnt guíonna agam. Chuala mé an chaint ar fad faoi lúireach Phádraig. Bhuel, is é sin lúireach Éamon, rudaí gur mhaith liom iad a fheiceáil déanta as seo go ceann bliana. Is rud simplí an chéad rud a bhí muid ag plé leis um thráthnóna. Ba mhaith liom go gcloífeadh eagrais Stáit agus Ranna Stáit leis an dlí teanga agus nach mbeadh muid i gcónaí ag tathant orthu cloí leis. Tá dualgas ar chuile eagraíocht Stáit cloí leis an dlí. I gcás go bhfuil rialú ón gCoimisinéir Teanga, ba chóir go bhfaighidís comhairle dlí an bhfuil an ceart aige. Má tá, is cóir go ndéanfaidís rud éigin faoi agus, mura bhfuil, is scéal difriúil é sin.

Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire Stáit as an méid oibre a rinne sé ar an Acht teanga agus na leasuithe a ghlactar leis ach tá faitíos orm ó na freagraí a fuair mé ar go leor ceisteanna parlaiminte a chuir mé síos nach bhfuil na Ranna Stáit agus na heagrais Stáit trí chéile ag tógáil na ndualgas nua atá orthu dáiríre. Mar shampla, ní léir dom go bhfuil aon réamhréiteach á dhéanamh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le daoine a earcú a mbeidh Gaeilge acu agus nach bhfuil aon réamhréiteach á dhéanamh ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta le déanamh cinnte go mbeidh daoine oilte ann leis na poist seo ar fad a ghlacadh sa bhliain 2030.

Má smaoinítear air tógann sé ar an meán trí nó ceithre bliana chun céim a dhéanamh. Scaití tógann sé níos mó ama. Níl anois 2030 ach ocht mbliana uainn.

Is é an chéad rud eile a insím don Aire Stáit ná go bhfuil go leor daoine a bhfuil Gaeilge mhaith taobh amuigh den Ghaeltacht agus is sna coláistí Gaeilge a d’fhoghlaim siad a gcuid Gaeilge. Táim ag ceapadh go raibh an tAire Stáit féin ina measc mar bhí mé ina measc. Tá súil agam go dtiocfaidh fás orthu sin, go gcuideofar leo sin agus ní dhéarfaidh mé níos mó faoi sin inniu.

Bá bhreá liom dá bhfeicfimid pacastaíocht dhátheangach agus lipéid dhátheangacha agus aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh faoi sin. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh go deonach ach b’fhéidir in imeacht ama go gcaithfimid breathnú, mura bhfuil comhlachtaí príobháideacha sásta dul sa treo sin, a rogha rud eile a dhéanamh. I dtíortha eile, mar shampla sa Bheilg, táim cinnte go bhfuil an pacastaíocht dhátheangach de réir dlí agus má táthar in ann é a dhéanamh faoi dhlí na hEorpa ansin, beimid in ann é a dhéanamh anseo.

Níl a fhios agam cé mhéad airgid atá tarraingthe nó cé mhéad iarratas atá ann faoin Shared Ireland fund Thuaidh agus Theas maidir le tograí a bhaineann leis an nGaeilge agus feictear domsa gur ciste ollmhór é sin a bhféadfaí muintir an Tuaiscirt agus an Deiscirt tarraingt as ach teacht aníos le tograí maithe móra a bhféadfaí a chur isteach ar an gciste sin. Tá súil agam go bhfeicfimid faoi dheireadh an Bille teanga ó Thuaidh. Caithfidh mé a rá, agus bhí sé seo mo dhearcadh riamh, nach bhfuil fadhb dá laghad ann. Má tá Bille teanga láidir Gaeilge ann, bheadh soláthar i gcodanna eile den Bhille sin don Ultais agus do chultúir eile atá, mar a déarfá, de bhunadh an taoibh sin tíre. Níor bhraith mé riamh gur bhain sé de mo chumas Gaeilge a labhairt má bhí mise mar Aire, mar a bhí, ag cur na hUltaise chun cinn ag an am céanna.

Aontaím faoi na comharthaí bóthair. Is rud é seo a bhfuilimid ag streachailt leis le fada an lá agus, go deimhin féin, b’fhéidir go bhféadfaí Specsavers a fháil do na Gaeilgeoirí agus a bheith urraithe mar caithfidh go bhfuil radharc na súl níos fearr ag Gaeilgeoirí ná go gceapann na húdaráis, le gur féidir leo na comharthaí a léamh. Tá go leor rudaí eile ach fágfaidh mé an t-urlár do mo chomhghleacaí, an Teachta Cathal Crowe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.