Dáil debates

Wednesday, 2 March 2022

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

4:22 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach.

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge tá sé maith go bhfuil Gaeilge á labhairt sa Teach ach is trua nach bhfuil fócas ag an díospóireacht seo. Níl ann ach sraith ráitis. D'fhéadfaí féachaint air mar tokenism. ...Ach, má táimid dáiríre faoin nGaeilge ba chóir dúinn díriú isteach ar an ábhar agus díospóireacht substaintiúil a bheith againn. Cén fáth nach mbeadh díospóireacht trí Ghaeilge ar an mBille Airgeadais, mar shampla? Léireodh sé sin don domhain go bhfuilimid dáiríre faoin nGaeilge a chuir chun cinn ins an Teach seo.

Is é sin an méid a bhí le rá agamsa sa tsraith ráitis chéanna in 2004. Táimid fós sa rut ceannann céanna ina lán bealaí. Tá cúlú tar éis tarlú. Tá roinnt céimeanna beaga tógtha. Aithním é sin. Bhí mé páirteach i roinnt céimeanna beaga sna Tithe seo le tamall anuas ó thaobh na Gaeilge. Fós, is truamhéalach an líon Gaeilge atá á labhairt sa Teach seo. Tá coiste againn nach raibh ann in 2004 atá ag déileáil le ceist na Gaeilge, phobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta agus tá sé sin go maith mar táimid ag díriú isteach ar na hábhair sin. Den chuid is mó, ní chloistear an Ghaeilge ach go fíorannamh istigh anseo. Caithfimid obair chun a dhéanamh cinnte nach dtarlaíonn sé sin agus nach gcruthaímid an íomhá seo don domhan mór atá ag féachaint isteach orainn, go háirithe má táimid ag triail ár bpáistí a mhealladh chun an Ghaeilge a labhairt. Muna bhfuil na polaiteoirí, muidne atá ag déanamh an dlí, ag socrú an dlí agus ag déanamh díospóireachta ar nithe móra an tsaoil, ag labhairt na Gaeilge istigh anseo chomh rialta agus is féidir linn, nó fiú ag labhairt beagáinín di chuile sheachtain, conas is féidir linn a mholadh do dhaoine atá uaireanta trodach i gcoinne na Gaeilge gur fiú í? Tá jab mór le déanamh againn.

Agus é sin ráite agam, déanaim comhghairdeas leis na heagrais agus leis na feachtasóirí ar fad timpeall na tíre. Luaigh an Teachta McDonald Gaeltacht Bhóthar Seoighe atá 50 bliain ar an bhfód i mbliana agus éacht déanta aici. Tá a lán grúpaí eile ann freisin, coistí pobail atá ag streachailt lá i ndiaidh lae ar son na Gaeilge ina measc. Tá Conradh na Gaeilge agus a lán grúpaí eile ann nach é. Tá Gaelscoileanna agus grúpaí Stáit san áireamh. Níl gach rud chomh dona agus a shíltear ach, i roinnt cásanna, tá an scéal níos measa. Tá ceisteanna móra ann ar caithfimid iad a phlé. Caithfimid réiteach a fháil orthu. Is sampla de na ceisteanna seo ceist a bhí muid ag plé ní rófhada ó shin, ceist na gcoláistí samhraidh agus na mná tí a mhealladh ar ais chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh na coláistí samhraidh ag obair i gceart. Tá breis airgid, breis maoinithe agus breis tacaíochta ag teastáil ó na hoifigigh phleanála teanga. Tá an obair sin ann. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil an tacaíocht sin ann.

Chomh maith leis sin, caithfimid déanamh cinnte de ní hamháin go bhfuilimid ag cur na Gaelscolaíochta chun cinn agus ag sásamh an éilimh, ach go bhfuilimid ag dul amach agus éileamh a chruthú. Is ról an Stáit é sin. Tá ról lárnach ag an Stát maidir leis sin agus caithfidh sé déanamh cinnte de ní hamháin go bhfuil an Ghaeilge chun cinn, ach go bhfuil daoine á mealladh chuici freisin. Níl sé sin ag tarlú. Sa chathair seo, tá a lán páistí ann a chríochnaíonn a gcuid bunscolaíochta lán-Ghaeilge nach féidir leo dul ar aghaidh chuig meánscoil lán-Ghaeilge. Nuair atá páistí críochnaithe leis an meánscoil, níl institiúid nó ollscoil ar fáil do Ghaeilgeoirí ina bhfuil na hábhair uilig, nó fiú réimse dóibh lasmuigh den Ghaeilge féin, ar fáil i nGaeilge. Tá roinnt samplaí ann ach níl siad ar fáil.

Ar nóta eile, le déanaí, chaith an Rialtas go dona leo siúd a bhí tar éis cás cúirte a bhuachan maidir le lipéadú ar tháirgí leighis d'ainmhithe. Rinne sé achomharc a lorg. Ba chóir go mbeifí ag déanamh cinnte go bhfuil lipéadú ar tháirgí sa Stát seo dátheangach. Tréaslaím le comhlacht ó Loch Garman, Poachers, atá ag déanamh ginger ale, tonic water agus a leithéid. Tá na comhábhair ar fad liostáilte i nGaeilge agus i mBéarla aige. Is dea-shampla é an comhlacht sin agus b'fhiú tacú le comhlachtaí atá ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá a fhios agam go n-ardóidh an Teachta Daly ceist na gcomharthaí bóithre. Táthar fós ag caitheamh leis an nGaeilge go dona ó thaobh comharthaí bóithre timpeall na tíre. Tá na logainmneacha Gaeilge fós i gcló iodálach atá níos lú ná an cló a úsáidtear don leagan Béarla. Níl aon straitéis ann chun déanamh cinnte de go mbeadh siad dátheangach nó i nGaeilge amháin. Sa Seanad, dúirt an tAire Stáit, an Teachta Chambers, go raibh scéim phíolótach ag tarlú. Níl a fhios ag aon duine cá bhfuil an scéim phíolótach seo. Dúirt an tAire Iompair, an Teachta Eamon Ryan, nach ann di. Caithfidh an tAire Stáit labhairt leis an Aire agus a fháil amach cá bhfuil an scéim phíolótach seo maidir le comharthaí dátheangacha chun déileáil leis an gceist toisc go bhfuil an Ghaeilge in ísle brí. B'fhéidir go mbeidh sé in ann díriú isteach air sin agus é ag cur críoch leis an díospóireacht seo agus a rá linn conas is féidir scéim phíolótach a chur ar bun chun go mbeadh an Ghaeilge feiceálach agus chun cinn ar an mBéarla sa tír seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.