Dáil debates

Thursday, 24 February 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Scéimeanna Teanga

9:00 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, chuirtí deontas faoi scéim labhairt na Gaeilge, arbh fhiú suas le €260 in aghaidh na bliana é, ar fáil do theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a bhí in ann a léiriú don Roinn gurbh í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha bhunadh an tí acu. Tá na tacaíochtaí teanga a chuirtear ar fáil faoi chlár tacaíochtaí pobail agus teanga na Roinne, agus go deimhin faoin bpróiseas pleanála teanga araon, dírithe ar thacaíochtaí ar bhonn pobalbhunaithe trí chéile seachas ar dheontais phearsanta per se. Mar sin, tá cistiú suntasach, atá ardaithe go céimiúil ó cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge 11 bliain ó shin, á chur ar fáil ar leas na Gaeilge mar theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Luafainn sa chomhthéacs sin an cistiú atá á chur ar fáil ag an Roinn don eagraíocht Tuismitheoiri na Gaeltachta. Leis an gciste sin, ar fiú breis agus €1.6 milliún é thar tréimhse trí bliana faoi láthair, cuirtear clár leathan tacaíochtaí praiticiúla ar fáil atá dírithe ar thacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh. Níor mhiste a lua go bhfuil an ciste sin deich n-oiread níos airde ná an gciste bliantúil arbh fhiú €50,000 dá fheabhas é, a chuirtí ar fáil don eagraíocht cúig bliana ó shin. Comhthreomhar leis an gciste sin, luafainn chomh maith an maoiniú suntasach atá á chur ar fáil ag an Roinn agus ag Udarás na Gaeltachta don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta, atá dírithe ar thacú ar bhonn níos leithne le teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil páistí ag aois réamhscoile acu. Tá ciste ar fiú beagnach €500,000 curtha ar fáil don eagraíocht ag mo Roinn i mbliana. Tagann sin sna sála ar an gciste trí bliana arbh fhiú sa bhreis ar €1.2 milliún a cuireadh ar fáil ó 2018 go 2021.

Mar a bhaineann sé le tacú le teaghlaigh Ghaeltachta tríd an ngréasán bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta, luafainn an cistiú suntasach thar tréimhse trí bliana atá á chur ar fáil ag mo Roinn chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail scoileanna Gaeltachta ó cheann ceann na bliana. Críochnóidh mé an freagra nuair a thiocfaidh mé ar ais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.