Dáil debates

Thursday, 24 February 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Scéimeanna Teanga

9:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

1. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an aontaíonn sí gurbh í Scéim Labhairt na Gaeilge an uirlis ba chríochnúla a bhí ag an Stát chun tomhais a dhéanamh ar leibhéal úsáide na Gaeilge mar theanga theaghlaigh sa Ghaeltacht, agus go bhfuil neart fianaise ann gur spreag an scéim teaghlaigh chun cloí leis an nGaeilge mar theanga bhaile agus gur chabhraigh sí leis an nGaeilge a bhuanú mar theanga phobail, tábhacht atá aitheanta i bpleananna teanga Gaeltachta a aontaíodh lena Roinn; an aontaíonn sí gur chuir an Stát deireadh leis an scéim seo in aghaidh thoil phobal na Gaeltachta agus in aghaidh chomhairle na n-eagraíochtaí Gaeilge ag an am, lena n-áirítear moltaí an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaíoch inar moladh an scéim a mhéadú; an aontaíonn sí go bhfuil gá anois múnla nua den scéim sin a thabhairt ar ais mar chúnamh don phróiseas pleanála teanga agus mar bhealach chun faireachán a dhéanamh ar spriocanna an Stáit maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a bhaint amach; agus an bhfuil sí sásta gníomhú chun a chinntiú go dtarlaíonn sé sin. [10696/22]

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.