Dáil debates

Thursday, 24 February 2022

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

10:10 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, luaitear sa chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus ar an bpróiseas roghnúcháin nó toghcháin i ndáil le bord an údaráis. Mar a bhaineann sé leis an athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin nó toghcháin i ndáil le bord an údaráis, cuireadh tús le gairid le comhairliúchán poiblí mar chuid den athbhreithniú. Tá sé seo á dhéanamh sa chaoi is go mbeidh an deis chuí ag páirtithe leasmhara agus ag an bpobal trí chéile a dtuairimí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Is féidir aighneacht a dhéanamh faoin ábhar idir seo agus an 25 Márta tríd an gceistneoir ina leith, atá ar fáil ar gov.ie, a chomhlánú agus a sheoladh chun na Roinne idir seo agus sin. Ós rud é gur comhairliúchán poiblí é seo, foilseofar na haighneachtaí a bhfaightear ar shuíomh Idirlín na Roinne in am tráth.

Comhthreomhar leis an bpróiseas sin, leanfaidh mo Roinn ag obair mar is cuí i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Poiblí i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú chun tabhairt faoin athbhreithniú foriomlán agus moltaí ina leith a sholáthar don Roinn maidir leis an ábhar. Is é an cuspóir trí chéile a chinntiú go mbeidh fáil ag an údarás ar an saineolas, ar na scileanna agus ar an ionchur pobail ábhartha agus cuí atá de dhíth le go mbeidh an bord in ann tacú le feidhmeannas an údaráis a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach ar leas na pobail Ghaeltachta a ndéanann an t-údarás freastal orthu.

Mar is eol don Teachta, faoi réir na bhforálacha ábhartha de na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, arna leasú faoi Acht na Gaeltachta, 2012, is ar feadh tréimhse chúig bliana a mhaireann ceapacháin ar bhord an údaráis de ghnáth. Ós rud é gur ceapadh an bord reatha i mí Eanáir 2018, tiocfaidh deireadh lena shaolré i mí Eanáir 2023. Is é seo an dara bord atá ceaptha faoi na socruithe reatha réamhluaite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.