Dáil debates

Thursday, 17 February 2022

Ceisteanna Eile - Other Questions

Harbours and Piers

10:10 am

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta Connolly as ucht na ceiste tábhachtach seo a chur chun cinn. Tá sé go maith go bhfuil cruinnithe rialta ar siúl leis an gcomhairle contae ach is mór an trua é go bhfuil daoine ag fanacht le fada an lá agus nach bhfuil amlínte ann faoi láthair mar tá amlínte tábhachtach. Tá a fhios againn go bhfuil Stoirm Eunice ag teacht amárach agus b'fhéidir go mbeidh tuilleadh damáiste. Táthar ag rá go mb'fhéidir go mbeidh stádas dearg ag baint leis sin agus léiríonn sin arís eile cé chomh tábhachtach is atá sé seo mar phíosa infreastruchtúr do mhuintir na n-oileán, do mhuintir Inis Oírr agus d'éinne atá ag déanamh obair le hInis Oírr.

It is positive that these regular meetings are happening. That is very important. Obviously, the most important thing is to make sure that the people of Inis Oírr are fully aware. We are coming up to another storm tomorrow and we know the impact this can have on the island community, and especially when this kind of critical infrastructure is needed. I would urge that there is constant contact with the local community.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.