Dáil debates

Thursday, 10 February 2022

An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Vótáil Pharlaiminteach Chianda), 2020: An Dara Céim [Comhaltaí Príobháideacha] - Thirty-ninth Amendment of the Constitution (Remote Parliamentary Voting) Bill 2020: Second Stage [Private Members]

 

5:25 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta Carroll MacNeill as an reachtaíocht thábhachtach seo a thabhairt chun tosaigh. Ní féidir linn a bheith hypocritical nuair a rithimid Achtanna sa Teach seo ag rá leis an bpobal i gcoitinne gur gá dóibh athruithe a dhéanamh. Táimid ag iarraidh a chinntiú nach bhfuil mná thíos leis de bharr rialacha, mar a bhí, agus muid ag tabhairt isteach reachtaíocht ó thaobh tréimhsí saoire do thuismitheoirí nuair atá páiste nua acu, nuair atá fadhbanna ag tuismitheoirí le páistí níos sine, nó nuair is gá dóibh téarmaí cúraim a dhéanamh dá dtuismitheoirí nó fiú do na páistí. Caithfidh muidne teacht suas leis an gcuid eile den tsochaí agus is trua go bhfuil an méid seo sa Bhunreacht ag cur baic orainn. Measaim féin nach sin a bhí i gceist ach b’fhéidir go bhfuil breall orm. Nuair atá fadhbanna sa Bhunreacht, caithfimid é a thógáil suas chun dáta, é a athrú nó fáil réidh leis an gcuid sin atá ag cruthú fadhbanna.

Tógaim a deis seo mo chomhghairdeas a ghabháil leis an Teachta Violet-Anne Wynne atá páiste nua aici. Bhí sí anseo an tseachtain seo caite nó an tseachtain roimhe sin. Bhí páiste nua aici ar an mbealach go Kilrush Golf Club. Smaoinigh dá mbeadh sí anseo. Bheadh fadhb ann mar nílimid eagraithe mar institiúid chun déileáil le gnáthshaol máithreacha, nó daoine de gach uile inscne. Rugadh m’iníon nuair a bhí mé tofa anseo ar feadh bliana. Ní raibh aon saoire aithreachais nó máithreachais i gceist ag an am sin agus ní raibh aon smaoineamh ann faoi. Tagann brú laistigh den pháirtí chun bheith ar ais, go háirithe más páirtí beag atá ann. Ní dúirt aon duine liom bheith ar ais mar ba mise an Whip ag an am - bhí mé in ann a rá liom féin nach gá dom bheith anseo ach tagann an brú sin. Tagann sé ar gach duine ach tá sé níos éasca, b'fhéidir, i ngrúpaí móra. Thar na blianta mar Whip, nuair a tháinig tuismitheoirí le páistí óga chugam ag lorg péireáil, rinne mé iarracht cloí leis sin ionas go mbeadh deis acu dul abhaile nuair a bhí an seans acu, cé nach raibh an seans againn i gcónaí.

Tá sé ceart go bhféachaimid ar an gceist seo. Níor thit an domhan as a chéile ar bhealach amháin nó bealach eile nuair a bhí muid ag obair ón mbaile le linn na paindéime. Ba léir do gach duine go raibh muid in ann, nó gur chóir go mbeadh muid in ann, vóta a chaitheamh ón mbaile. Is féidir é a dhéanamh i ngach uile ré eile den domhan. Ní gá ach féachaint ar na comhlachtaí móra rúnda nó na comhlachtaí móra atá airgead acu. Ní raibh cruinnithe board of directors ag na bainc - glacaim leis go raibh siadsan in ann vóta a chaitheamh - nó ag leithéidí an UN agus daoine mar sin. Caithfear déileáil leis an trealamh atá ann anois chun go mbeadh gach rud slán.

Mar a dúirt an Teachta Alan Farrell, smaoinigh dá mbeadh an scáileán sa Seomra seo briste suas, agus siúd atá tinn a bheith marcáilte. Bhí Comhaltaí tinn nó fiú ag fáil bháis nach raibh in ann freastail ar an Dáil. Ba chóir go mbeadh an deis acu, más gá, vóta a chaitheamh ó lasmuigh den institiúid seo nó go mbeadh duine éigin in ann seasamh isteach ar a son. I bParlaimint na hEorpa, tá liosta ann nuair a táthar ag seasamh sa toghcháin agus, más gá éirí as, tagann duine eile isteach. Ar na húdaráis áitiúla, más gá éirí as is féidir le duine éigin eile teacht isteach mar substitute nó i gcomharba ar an té atá ag éirí as. Níl aon bhealach againne é sin a dhéanamh. Níl Comhaltaí sásta éirí as an suíochán má táthar i bpáirtí beag nó má tá stró ar an gceantar toisc go gcaillfidh an páirtí an suíochán. Mar sin, tá ualach sa bhreis ar dhaoine bheith anseo.

Tá an smaoineamh seo i gceart ach caithfimid an chuid praiticiúil a oibriú amach. Má táimid ag dul go dtí an pobal ag lorg vóta air seo, níor cheart go dteipfí air seo mar cuirfeadh sé sin siar muid. Theip ar reifreann a bhí beagnach na páirtithe uilig taobh thiar de roimhe seo nuair a chuaigh muid go dtí an pobal. Caithimid déanamh cinnte de go bhfuil na freagraí againn, go dtuigimid conas mar a oibríonn sé agus nach bhfuil sé ag cur as don tslí gur chóir go mbeadh Teachtaí ag caitheamh vótaí, ach amháin in amanna eisceachtúla nuair atá siad tinn, i mháithreachais, i dtuismitheoireachta nó a leithéid.

Tacaím leis an mBille. Tá súil agam go ndéanfar bogadh air go tapa go mbeimid in ann déileáil leis na fadhbanna bunúsacha eile sa Bhunreacht atá ag cur i gcoinne daoine de gach inscne a bheith anseo. Beidh an Bunreacht níos nua-aimseartha toisc a leithéid de leasú seo. Seo tús, tacaím leis agus más féidir linn aon chabhair a thabhairt chun go mbeidh sé tríd na Dála chomh tapa agus is féidir agus amach ansin leis an gcuid eile den reachtaíocht do reifrinn atá ag teacht, tacóidh muid leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.