Dáil debates

Thursday, 3 February 2022

Freedom of Information Bill 2021: Second Stage [Private Members]

 

8:05 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá a lán rudaí sa reachtaíocht seo agus is trua go bhfuil an tAire Stáit á chur ar athló ar feadh naoi mí. Ba chóir dó an deis a thapú é seo a chur chuig coiste chun déileáil leis. Ag an gcoiste, d’fhéadfadh sé na leasuithe faoina bhfuil sé ag caint a thabhairt isteach nó na botúin atá ann a cheartú. D’fhéadfadh an Bille a bheith os ár gcomhair agus críochnaithe roimh dheireadh an tsamhraidh. Tá sé tábhachtach go ndéanann muid cinnte de go bhfuil gach uile rud a dhéanann an Stát - ní díreach an Rialtas nó Airí ach an Stát i gcoitinne, an státchóras agus an maorlathas - trédhearcach mar muna bhfuil sé trédhearcach ní bheidh muinín ag an bpobal ann. Ceapfaidh siad go bhfuil daoine ag cur rudaí faoi cheilt agus ní hé sin an sórt sochaí gur chóir a bheith againn. I sochaí dhaonlathach agus ionraic ní bheadh gá leis seo ach sin domhan eile. Sin útóipe. Tá roinnt cásanna luaite cheana féin a léiríonn cén fáth gur gá dúinn cur leis an mbealach atá faisnéis ar shonraí ag obair faoi láthair faoin Acht. Ba chóir dúinn níos mó agus níos mó den eolas atá de dhíth ar an bpobal a chur ar fáil dóibh agus ba chóir go mbeadh sé sin de cheart acu. Sa deireadh thiar thall ba chóir go mbeadh an pobal in ann an t-eolas seo a fháil seachas gur gá dóibh dul síos bóthar na FOIs.

Uaireanta fiú nuair a lorgaíonn muidne freagraí ar cheisteanna anseo, ní ó Airí amháin ach ó dhaoine a thagann isteach os comhair coistí, ní fhaigheann muid freagra. Ansin bíonn orainne casadh, mar Theachtaí Dála, ar bhealach eile agus sin trí FOI. Mar shampla, bhí cúigear nó ceathrar ón nGarda Síochána os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge inné. Ní raibh muid in ann freagra a fháil ar ché a mhol athrú sa chóras chun céim in airde a thabhairt do sháirsint agus fáil réidh leis an gcoinníoll Gaeilge dóibh. Ní raibh aon duine den cheathrar a bhí os ár gcomhair in ann freagra a thabhairt dúinn maidir le cén duine a tháinig isteach go dtí an coiste acusan chun é sin a mholadh. Tá a fhios againn go ndearnadh é mar tá sé déanta. Tá a fhios againn mar dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána agus an leas-choimisinéir linn go ndearnadh an cinneadh agus nach é an Garda Síochána a lorg an cinneadh seo. Anois, toisc nach féidir linn an freagra a fháil, beidh orainne iarratas FOI a dhéanamh ar na cruinnithe, na coistí agus an comhfhreagras ar fad. Sin cur amú ama don státchóras.

Ní díreach an cás sin atá i gceist. Tá cásanna eile ann. Déanann daoine trál ar rudaí seachas an fón a phiocadh suas agus gheobhaidh tú freagra nach bhfuil an rud ar an idirlíon, go bhfuil taifead ceart á choimeád ag gach uile dhuine agus nach bhfuil daoine ag cur rudaí faoi cheilt. Chonaic muid thar na blianta go raibh daoine ag cur rudaí faoi cheilt. I roinnt cásanna níor thuig siad cad a bhí ar bun acu ach in a lán cásanna bhí siad ag triail iad féin a chosaint mar ní raibh siad sásta bheith freagrach as botúin. Nuair a dhéanann tú botún an rud is fearr ná do lámh a chur suas agus a rá go bhfuil botún déanta agat. Fiú muna bhfuil botún déanta agat, má cheapann an pobal go bhfuil an cinneadh mícheart déanta agat ba chóir go mbeadh tú mór go leor chun seasamh suas agus a rá go bhfuil tú sásta seasamh leis an gcinneadh a ghlac tú. Sin an fáth nár chóir go mbeadh eagla ar dhaoine roimh FOI. Ní chóir go mbeadh eagla ar an státchóras, ar Airí nó ar aon duine eile as seo amach má tá siad compordach sa seasamh atá siad tar éis a ghlacadh. Is trua go bhfuil muid san áit ina bhfuilimid ach toisc go bhfuil muid ann, tá éacht déanta ag na Teachtaí Mairéad Farrell agus Sorca Clarke ag brú an cháis seo chun cinn agus é á chur os ár gcomhair diaidh ar ndiaidh. Tá siad ag cinntiú nach bhfuil sé curtha ar leataobh agus go bhfuil muid ag bogadh sa treo ceart. Amach anseo, beidh an státchóras i bhfad Éireann níos oscailte agus ní bheidh daoine ag dul i bhfolach taobh thiar de FOI agus ag cur moille sa chaoi go bhfuil sé ró-dheireanach faoin am a thagann an freagra amach.

Luaigh daoine eile cásanna ina raibh ar dhream áirithe mar an Air Corps nó saighdiúirí dul go dtí FOI nó ceisteanna parlaiminte, maidir le Lariam, mar shampla. Ní chóir go mbeadh orthu é sin a dhéanamh in a lán bealaí mar is a sonraí pearsanta féin a bhí i gceist ach sin an bealach atá sé. Is costas mór é ansin, seachas daoine a bheith ionraic agus oscailte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.