Dáil debates

Wednesday, 2 February 2022

Higher Education Authority Bill 2022: Second Stage (Resumed)

 

5:47 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ar dtús báire, tarraingím aird na dTeachtaí ar ainm an Bhille seo sa Bhéarla. Is é Higher Education Authority Bill 2022 an t-ainm atá air. Níl a leithéid de “higher education authority” luaite áit ar bith sa Bhille seo. Cruthaíodh eagras darbh ainm an tÚdarás um Ard-Oideachas. Is é sin an t-ainm atá air sa Bhille seo agus an t-aon ainm a bhí air sa Higher Education Authority Act 1971 chomh maith. Feictear sa bhrandáil atá déanta ag an údarás gurb é an Higher Education Authority, HEA, atá i gceist seachas an t-ainm dlíthiúil Gaeilge, áfach. Caithfear féachaint air sin agus déanamh cinnte de nach bhfuilimid ag déanamh brandála ar a leithéid de seo mar a dhéantar in a lán eagras Stáit eile as Béarla.

I gcásanna eile ar nós an Achta lenar bunaíodh Údarás na Gaeltachta, is é Údarás na Gaeltachta (Amendment) Act 2010 an teideal atá air, fiú más i mBéarla a bhfuil siad ag trácht air, fiú más i mBéarla a bhfuil siad ag trácht air.

Léiríonn an féin-Bhéarlú seo go bhfuil dualgas an Údaráis um Ard-Oideachas i leith na Gaeilge fágtha ar lár, ach maidir le cur i láthair an eagrais féin, ní aon ionadh é go bhfuil dearmad déanta ag an Údarás ar an gcur chun cinn i leith na Gaeilge san ardoideachas mar sprioc reachtúil lárnach aige agus níl sé sin léirithe mar ba chóir dó a bheith sa reachtaíocht seo.

Níl naimhdeas leis an nGaeilge i gceist sna hollscoileanna ná sna hinstitiúidí tríú leibhéal ná fiú san Údarás féin. Is é a mhalairt a thagann trasna nuair atáthar ag labhairt leo siúd atá ag bainistiú na n-ollscoileanna agus araile. Is iad meas agus bá don teanga náisiúnta a bhíonn ann. Is léir, go minic, nach dtuigeann siad an ról atá acu déanamh cinnte de go bhfuil an Ghaeilge lárnach ar an gcampas agus an teanga a spreagadh i gceart in aon chinneadh a dhéanann siad agus a ghlacann siad maidir leis an gcoláiste agus nach leor an dea-thoil a léiríonn siad.

Níl siad, mar institiúidí, mórán níos difriúla ó Ranna, comhlachtaí nó institiúidí Stáit ach caithfear meabhrú dóibh go bhfuil ról acu, ní amháin ag slánú ár dteanga ach an pobal féin a ghríosú chun í a úsáid agus is gá don Stát cuidiú leis an ról sin ar aon chaoi. Tá spriocanna earcaíochta acu anseo, ach go háirithe. Ba cheart go mbeidís sin cuí ach go háirithe anois agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 rite agus go dtuigeann siad gur gá dóibh cloí leis sin agus b’fhéidir é sin a shárú ar bhealach maith le dul chun cinn a dhéanamh ar an 25%.

Is gá na huirlisí a thabhairt dóibh chomh maith chun cuidiú leo san obair sin amhail infheistíocht foirne agus cúnamh eile, más gá, chun déanamh cinnte de go bhfuil an earnáil ardoideachais nó an chuid sin dár gcultúr chun tosaigh ó thaobh spreagadh agus chur cinn na Gaeilge.

Is léir nach ndéantar réimse leathan dóibh a ndóthain d’ábhar tríú leibhéal a chur ar fáil chun an deis a thabhairt d’iardhaltaí ó na Gaelcholáistí leanúint leis an oideachas trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal, in ainneoin Alt 4 den Higher Education Authority Act 1971 chun an Ghaeilge a hathchóiriú. Níl éileamh á chothú chun ábhar staidéir trí mheán na Gaeilge ag na hollscoileanna ná na hinstitiúidí teicneolaíochta agus mar sin, glacann mic léinn gur gá dóibh casadh ar oideachas trí Bhéarla go minic don chéad uair dá saolta. Tá fadhb mhór ann maidir le leanúnachas an Ghaeloideachais sa Stát seo.

Tá beagnach 50,000 dalta ag freastal ar 290 scoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ar fud na hÉireann, dar leis an eagras Gaeloideachais agus tá sé seo ag fás. Is léir nach bhfuil líon na spásanna sna Gaelcholáistí a thagann i ndiaidh na nGaelscoileanna in ann an t-éileamh a shásamh ó na h-iardhaltaí. Ag an dara leibhéal, titeann an spás atá aige go dtí díreach faoi 70,000 spás. Is difríocht ollmhór é sin agus níl ach 79 Gaelcholáiste sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. Tá géarchéim i gceist maidir leis an dualgas bunreachtúil ag an Rialtas agus an dualgas atá ag an Roinn Oideachais cearta daltaí ag éileamh oideachais trí Ghaeilge a shásamh.

Is léir ó na figiúirí sin nach bhfuil na spásanna ann ag an leibhéal sin, fiú ag an mbunleibhéal, áit a bhfuil éileamh níos mó ná mar atá spásanna. Éiríonn sé níos measa fós nuair a théitear go dtí an tríú leibhéal, áit a bhfuil fíorbheagán cúrsaí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mar is eol dúinn ar fad, níl aon institiúid trí leibhéal lán-Ghaeilge ar leith inar féidir le 17,000 dalta a bhfuil Gaeloideachas meánscoile faighte acu freastal air. Ar ndóigh, níl daltaí Ghaelcholáistí na Sé Chontae san áireamh sa 17,000 sin ach oiread.

Dar le figiúirí ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta:

Ba é líon iomlán na mac léinn a chláraigh ar chúrsaí ina raibh an Ghaeilge mar phríomh-chomhpháirt ná 2,628 in 2019, agus 2,834 in 2020.

Cuimsíonn sé sin máistreacht, baitsiléir, dioplóma agus teastas. Is figiúr tubaisteach é sin. Chuaigh sé ó bheagnach 20,000 síos go dtí 17,000 agus ansin síos go dtí thart ar 2,500. Is tubaisteach amach is amach é. Is é an Stát atá gafa leis sin agus is é an t-údarás ardoideachais a bhfuilimid ag déileáil leis anseo atá gafa leis sa chás seo.

Níl anseo ach buille faoi thuairim, dar ndóigh, mar ní dhéanann an Roinn déileáil i gceart leis na figiúirí agus níl a fhios againn an bhfuil sé níos lú fiú ná sin. Sa bhliain 2020, bhí breis agus 2,800 cláraithe ar chúrsaí ina raibh deis acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge nó ábhar trí Ghaeilge ach is é an maximum é. Níl sé sin díreach i nGaeilge nó ina chúrsa iomlán trí Ghaeilge. Mura bhfuil an tÚdarás um Ard-Oideachas, fiú, ag déanamh anailíse ar líon na gcúrsaí ná na mic léin atá ag tabhairt faoi ábhar trí Ghaeilge, conas is féidir leis a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn sna hollscoileanna nó na coláistí?

Fiú agus muid ag glacadh leis an uasmhéid, is léir go dtiteann Gaeilgeoirí thar bhruach na haille ag gach leibhéal den oideachas. Titeann líon na ndaltaí ó 50,000 ag bunleibhéal go 17,000 ag meánleibhéal agus faoi bhun 3,000 ag an ardleibhéal. Is léir nach bhfuil réimse ábhar ar fáil atá trí Ghaeilge. Is cúrsaí as Béarla iad an chuid is mó de na cúrsaí seo, le modúil i nGaeilge.

I measc na gcúrsaí atá as Gaeilge, tá cúrsaí gnó, meán, ealaíne agus múinteoireachta. Seachas Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Mary Immaculate College agus cúrsaí amháin i IT Phort Láirge, is cosúil nach gcuireann aon institiúid eile tríú leibhéal sa Stát cúrsaí ar fáil seachas cúrsa ar an nGaeilge amháin. Níl aon deis ann modúl ná céim leighis, dlí, innealtóireachta, eolaíochta ná altranais a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá teip ar an gcóras agus bíonn tionchar ag an teip seo ar dhaltaí go pearsanta agus ar an tsochaí i gcoitinne.

Cruthaíonn sé fadhbanna do dhaltaí a mbíonn orthu iompar ar an mBéarla don chéad uair go hacadúil tar éis dóibh gach rud a dhéanamh trí Ghaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil toisc nach bhfuil rogha acu leanúint lena gcuid staidéir trí Ghaeilge. Tharla sé sin dom féin. Ba é an chéad uair a bhí orm casadh ar an mBéarla ó thaobh oideachais de ná nuair a chuaigh mé ar ollscoil. Is tamall maith de bhlianta ó shin é agus tá sé tar éis dul in olcas ó shin.

Dúradh liom ag an am go bhféadfainn mo scrúdaithe a dhéanamh as Gaeilge ach bhí an cúrsa go huile is go hiomlán i mBéarla agus bhí na téacsanna ar fad i mBéarla. Níor ghlac mé an deis toisc go mbeadh sé i bhfad oiread níos deacra dom an dá thrá a fhreastal ag an am. Ba mhasla a bhí ann. D’fhéadfainn dul go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag an am ach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ab ea an cúrsa a raibh mé ag iarraidh tabhairt faoi.

Glacaim leis go bhfuil níos mó i gceist le hollscolaíocht na díreach cúrsaí nó módúil. Bíonn seimineáir agus ceardlanna ann chomh maith agus taighde a bhfoilsítear go minic. Bíonn an t-infreastruchtúr taighde amhail bunachar sonraí agus a leithéid ann agus bíonn comhluadar i measc na mac léinn agus an lucht múinte ann chomh maith.

Aithním go bhfuil obair mhaith á déanamh in áiteanna áirithe agus go bhfuil sí ag dul ar aghaidh. Thosaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sraith Léachtaí um Lón anuraidh chun an comhluadar léinn sin a dhaingniú i measc lucht labhartha na Gaeilge agus tá cainteanna tar éis a bheith acu ar cheisteanna eacnamaíochta agus polaitíochta agus ar chúrsaí leighis, dlí agus ailtireachta. Ní ach céim bheag bhídeach é agus is céim é sa treo ceart. Tá dualgas roimhe agus roimh choláistí eile a macasamhail a dhéanamh. Tá sé ag triail chomhluadar léinn sa Ghaeilge a chothú agus tréaslaím leis sa chás sin.

Tá obair á déanamh agus tá i bhfad oiread níos mó oibre le déanamh ó thaobh chúrsaí Gaeilge sna hinstitiúidí ardleibhéal nó tríú leibhéal. Is é ceann de na fadhbanna atá ann ná go gcuireann sé leis an íomhá den Ghaeilge atá i measc roinnt daoine ó thaobh na Gaeilge de, nach bhfuil sa Ghaeilge ach teanga scoile in áit teanga náisiúnta bheo bhríomhar atá fite fuaite tríd an saol.

Caithfidh muidne ar fad léiriú go bhfuil fiúntas sa Ghaeilge agus go bhfuil deiseanna ann do Ghaeilgeoirí, ní amháin i saol na n-ollscoileanna ach sa saol domhanda chomh maith. Ní gá dúinn fiú díriú díreach ar dhaltaí i nGaelcholáistí mar tá a lán daoine eile ann atá ag iarraidh bogadh ó scoileanna Béarla toisc gur sin an áit a leaindeáil siad mar nach raibh aon spás dóibh i gcoláistí Gaeilge. Go minic bíonn siadsan ag iarraidh tabhairt faoi staidéar trí Ghaeilge nó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ach níl an spás dóibh ann. Muna bhfuil an Ghaeilge á chleachtadh agus muna bhfuil sí le cloisteáil sna hollscoileanna, tosaíonn an teip ar stór na bhfocal agus ar an bhfoghraíocht i measc na n-ógánach. Go minic, cailleann siad an mhuinín a bhí acu ag leibhéal na hardteistiméireachta agus is trua sin mar bhí siad tar éis 14 bliain a chaitheamh ag éisteacht leis an nGaeilge ar scoil chuile lá. B’fhéidir go raibh roinnt acu ag troid ina choinne ach bhí siad á dhéanamh. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil an deis acu leanúint ar aghaidh leis sin agus an t-atmaisféar Gaeilge sin a chothú i measc na n-ollscoileanna.

Seo ceann de na príomh-phointí má tá an Stát chun an dúshlán agus na spriocanna atá leagtha síos againne anseo a shroicheadh. Chaith gach duine anseo vóta d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a leag amach an sprioc go mbeadh 20% den státseirbhís atá á earcú amach anseo inniúil sa Ghaeilge. Muna ndéanann muid infheistíocht cheart san ollscolaíocht agus in oideachas tríú leibhéal, ní bheidh muid in ann an sprioc sin a shroicheadh nó dul chun tosaigh air. Sin an dúshlán is mó. Bhí An Garda Síochána os comhair an choiste againn inniu agus sin an rud ceannann céanna a dúirt mé leo. Caithfidh muidne, agus an Stát, díriú isteach ar dhaoine atá Gaeilge acu a mhealladh isteach sa státseirbhís agus sna poist sin. Má théann siad go dtí an ollscoil caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil an chéim nó an cúrsa atá siad ag staidéar ar fáil as Gaeilge agus gur féidir leo teacht amach as sin agus post a fháil sa státseirbhís. Ba chóir go mbeadh siad in ann post a fháil lasmuigh de freisin, nó poist a chothú iad féin trí Ghaeilge, chun a léiriú don domhan go bhfuil an teanga beo beathach agus nach teanga í atá i mbaol báis. Ba chóir dúinn é sin a dhéanamh agus tá ról lárnach ag an Údarás um Ard-Oideachas i gcinntiú go dtuigeann gach uile choláiste agus gach uile institiúid tríú leibhéal sa tír an ról lárnach atá acusan chun go mbeidh an Ghaeilge beo beathach amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.