Dáil debates
Tuesday, 1 February 2022
Ceisteanna Eile - Other Questions
Curaclam Scoile
10:05 pm
Pádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail) | Oireachtas source
Teastaíonn uaim tacú leis an méid atá á rá ag an Teachta Ó Cuív. Ba cheart dúinn daltaí a mhealladh chun an t-ábhar a thógáil ar an leibhéal is airde gur féidir leo, seachas labhairt faoi T1 agus T2 a bheith ar chomhchéim ó thaobh pointí de. Ba cheart dúinn deireadh a chur leis an ráiméis mar gheall ar T1 agus T2 a bheith ar chomhchéim. Má chaithfimid pointí bónais a thabhairt don chaighdeán níos airde, caithfimid déileáil leis sin láithreach.
No comments