Dáil debates

Tuesday, 1 February 2022

Ceisteanna Eile - Other Questions

Curaclam Scoile

10:05 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar is eol don Aire, tá an-bhuairt ar thuismitheoirí le gasúir ag a bhfuil Gaeilge mhaith mar tá scéal ann go mbeidh dhá churaclam Gaeilge ann ach nach mbeidh buntáiste dá laghad ann dóibh siúd a dhéanann an ceann is dúshlánaí. Cén uair a dhéanfar an cinneadh seo? Cén uair a chuirfear deireadh leis an tseafóid seo go mbeadh dhá churaclam ann agus na marcanna céanna as an gceann éasca agus a bheadh as an gceann deacair?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.