Dáil debates

Tuesday, 25 January 2022

6:45 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

B'fhéidir gur gá dúinn an sean-nath cainte, "Is aoibhinn beatha an scoláire" a athrú nó "seachas le linn paindéime" a chur leis mar ní aoibhinn beatha an scoláire le bhlianta anuas. As mic léinn dara leibhéal an Stáit, is iad daltaí ardteistiméireachta na bliana seo is mó a bhí buailte ag an bpaindéim Covid-19 ó thuirling sí orainn i bhFeabhra 2019. Nílim ag rá nach raibh droch-éifeacht ar chúrsaí oideachais scoláirí i ranganna eile ach, i gcás daltaí ardteiste na bliana seo, tá trí bliana scoile i gceist san iomlán.

In ainneoin iarrachtaí den scoth ó mhúinteoirí, ó phríomhoidí agus ó na daltaí féin ach go háirithe chun an seó a choimeád faoi lán seoil, tá trí bliana caite ag na daltaí seo ar chúrsa scrúdaithe a bhí curtha as riocht ina hiomláine. Tá a fhios agam go ndéanann roinnt daoine beag den, agus neamhaird ar an, idirbhliain ach is trua é sin mar tá sé lárnach agus na daltaí sin ag fás iontu féin. Tá cúrsaí oideachais san áireamh leis sin. Le teacht Covid-19, tháinig deireadh le cuid mhaith den obair a bhí leagtha amach dóibh do dheireadh na hidirbhliana.

Agus breis is 60,000 dalta ardteiste ag tosú an cúigiú bliain agus ag díriú isteach ar an obair i dtreo scrúduithe na bliana seo, ní raibh a fhios acu an mbeidh na scrúduithe sin ag dul ar aghaidh. Ní raibh a fhios acu an mbeidh na scrúduithe scríofa ar líne, an ndéanfar iad ó bhéal nó an mbeidh gráid chreidiúnaithe nó gráid bunaithe ar algartam i gceist. Fós féin, níl a fhios acu cad a bheidh i gceist.

Fós féin, rinne siad iarracht tabhairt faoin staidéar agus faoi na ceachtanna, d'ainneoin na srianta, go minic, lena n-áirítear na maisc, a bheith scartha amach sna ranganna le fuinneoga oscailte agus iad préachta nó ró-the ag brath ar an áit a raibh siad suite. Bhí iad ag stánadh ar scáileán beag 12 orlach nuair a bhí siad sa bhaile ar feadh 12 uair an chloig go minic, idir ranganna agus staidéar, nó fiú amháin é seo déanta ar a bhfón póca. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh ag ligean orainn nach raibh tionchar beag nó drochthionchar ar scolaíocht nó oideachas na ndaltaí seo, m'iníon féin agus a cairde, dar ndóigh, san áireamh. Ar nós a lán díobh, bhí cur chuige díograiseach acu agus bhí siad solúbtha ó thaobh céard a caitheadh ina dtreo ach, fós féin, ní fheicim ón Aire nó ón Roinn fós aon fhreagra ceart a thugann cothrom na Féinne do dhaltaí na hardteistiméireachta 2022.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.