Dáil debates
Thursday, 20 January 2022
Birth Information and Tracing Bill 2022: Second Stage (Resumed)
2:55 pm
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta. D'ardaigh sí ceist mar gheall ar leagan Gaeilge den Bhille. Tá mé tar éis comhairle a fháil chun an cheist a shoiléiriú beagáinín di. Tuigim gurb é an nós atá againn anseo ná go bhfoilsítear Billí a bhaineann leis an nGaeilge nó leis an mBunreacht i mBéarla agus i nGaeilge ar dtús. Ach i gcás Billí nach mbaineann leis an dá chás sin, ní fhoilsítear iad i nGaeilge ach i mBéarla amháin agus nuair atá an reachtaíocht rite, is ansin a fhoilsítear an tAcht i mBéarla agus i nGaeilge. Níl sé sin sásúil agus ba chóir go mbeadh an dátheangachas ann ón tús, ach toisc an deacracht agus na fadhbanna atá i Rannóg an Aistriúcháin, is mar sin atá sé faoi láthair agus bhí sé mar sin le tamall maith anuas. Tá brón orm faoi sin agus déanfaimid iarracht rud éigin a dhéanamh faoi sin.
Gabh mo leithscéal but we move to our next contributors who are Deputy Devlin sharing time with Deputy Carroll MacNeill.
No comments