Dáil debates

Wednesday, 15 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Leasuithe ón Seanad - Official Languages (Amendment) Bill 2019: From the Seanad

 

4:22 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom labhairt ar an leasú seo. Aontaím leis. Níl aon duine chun cur i gcoinne ar a laghad an 5% a fháil. Bheinn féin i bhfabhar i bhfad Éireann níos mó agus táim den tuairim gur chóir go mbeimis ag díriú isteach ar bhealach céimnithe i leith fógraíochta nó aon chinn de na spriocanna nó na céatadáin atá leagtha síos seachas nuair a shroichimis 20% nó 5% sa chás seo, gur leor sin. Tá an ceart ag an leasú seo agus leis an treo ar a laghad sin ach níl aon 10% i gceann deich mbliana nó 20% nó 30%. Beidh orainn filleadh air seo má tá na comhlachtaí poiblí díreach ag sroicheadh an 5%. Tá a fhios againn nuair a stop a lán de na comhlachtaí Stáit ag déanamh fógraíochta go hiomlán i nGaeilge nó i nGaeilge in aon áit, gur theip ar roinnt de na nuachtáin Ghaeilge mar go raibh siad ag brath ar an bhfógraíocht as Gaeilge.

Mar a dúirt mé, ba chóir go mbeadh níos mó ann. Mholamar scata leasuithe mar gheall ar na meáin chumarsáide agus beidh orainn teacht ar ais chuige mar measaim nach bhfuil gach rud réitithe anseo agus go mbeidh orainn teacht ar Bhille eile. Tá súil agam nach mbeimid ag fanacht air chomh fada sin, nach mbeidh an próiseas chomh fadálach is a bhí sé, b’fhéidir, leis seo, agus gur féidir linn aontú roimh ré chun déileáil le gnéithe áirithe den Ghaeilge nó d’earnáil na Gaeilge amach anseo. Is é sin, nach bhfeicfear, mar shampla, roinnt stáisiúin raidió, ceann amháin acu is Galway Bay FM atá ann, nach raibh Gaeilge ar bith air i mbliain amháin. Ní féidir go mbeadh an deis ann do mheán cumarsáide a bheith ann nach bhfuil aon Ghaeilge air. Tá siad ag fáil ceadúnas ón Stát agus, dá réir, sa deireadh thiar thall tá smacht againn ar cheadúnais ó thaobh na meán cumarsáide sin. Ba chóir, mar a dúirt mé ag an am, go mbeimis ag cur níos mó srianta – ní srianta ach coinníollacha - maidir leis na ceadúnais atáimid ag tabhairt amach agus ar an gcaiteachas. Sa chás seo, is moladh dearfach é seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.