Dáil debates

Wednesday, 15 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Leasuithe ón Seanad - Official Languages (Amendment) Bill 2019: From the Seanad

 

4:22 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Arís, is leasuithe dearfacha iad seo agus tacaím leo agus nílim chun cur ina gcoinne. Is maith an rud go bhfuil leasú Uimh. 4, go háirithe, ag léiriú gurbh éigean Gaeilge a chur roimh an Béarla sa téacs ach ba chóir go mbeadh an cur chuige seo inaitheanta, ní hamháin sa téacs agus sna forálacha seo, ach sa státchóras i gcoitinne. Is é sin an t-athrú meoin a bhí mé ag caint faoi. Tá súil agam go ndíreoidh daoine isteach air seo mar is é sin an rud atá i gceist againn sa chás seo.

I leasú Uimh. 5, mar shampla, muid féin agus Conradh na Gaeilge a mhol go gcuirfear leasú isteach sa Bhille chun a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge chomh feiceálach agus chomh mór, ar a laghad, leis an mBéarla in aon chumarsáid nó in aon ábhar margaíochta a sheolann comhlacht poiblí chuig an bpobal. Is maith an rud gur ghlac an tAire Stáit leis sin sa leasú seo sna leasuithe eile. Bhí díospóireacht maidir leis seo sa Seanad a chuir leis an méid díospóireachta a bhí againne anseo agus ar Chéim an Choiste chomh maith. Is trua nár fhreagair an tAire Stáit mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Donnghaile, nuair a d’fhiafraigh sé de a chinntiú nach mbeadh litreacha iodálacha déanta den Ghaeilge agus go gcuirfeadh an Ghaeilge an fhaisnéis chéanna in iúl is a chuireann an Béarla. Is trua nár dhéileálfaí leis mar sin. Cén fáth nach bhfuil na forálacha seo á leasú?

Fágfaidh mé mar sin é. Mar a dúirt mé, is leasuithe dearfacha tábhachtacha iad ar an gCéim seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.