Dáil debates

Wednesday, 15 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Leasuithe ón Seanad - Official Languages (Amendment) Bill 2019: From the Seanad

 

4:12 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl mórán le rá agam faoi na leasuithe - aontaím leo - ach bhí an ceart ag an Aire Stáit nuair a dúirt sé gur lá tábhachtach é inniu. Tréaslaím leis agus lena fhoireann as éisteacht linn mar bhí éisteacht ag teastáil agus ba léir sin ón méid leasuithe ar ghlac an Rialtas leo, agus a d’athraigh agus a chuir an Rialtas ina fhocail féin. Is léiriú é sin go raibh an bunreachtaíocht lag ar shlí amháin. Maidir leis an gcéad dréachtú den Bhille, is léiriú den bhealach a tháinig muid tríd an bpróiseas seo agus go raibh orainn ar fad foghlaim go díreach conas a thabhairt faoi seo.

Sa deireadh thiar thall, is truamhéalach é gur gá dúinn mar Stát Acht mar seo a thabhairt isteach. Ba chóir go mbeadh sé intuigthe. Níor chóir go mbeadh orainn scríobh síos go díreach cad iad dualgais an Stáit. Is é sin an rud is truamhéalaí. Níl an locht ar an Aire Stáit ná orthu siúd atá ag déileáil leis sa Roinn faoi láthair. Tá an locht orainn ar fad mar Stát go raibh orainn tabhairt faoi seo ar bhealach difriúil, nach raibh sé uathoibríoch agus nach raibh an tuiscint ann ná intuigthe go raibh na cearta seo againn ó thús, agus go raibh orainn iad a leagan amach. Fiú sin, bhí orainn troid sa Bhille seo chun 20% den earcaíocht a fháil do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge nó 5% de na buiséid. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó ann, ach is céim chun tosaigh í. Táim sásta é sin a admháil agus táim cinnte go mbeidh dul chun cinn i gceist de thairbhe é seo.

Is é an dúshlán is mó atá romhainn anois, nuair a achtaítear an Bille seo chomh luaithe agus is féidir leis an Uachtarán é a dhéanamh, ná go gcaithfimid cinnte a dhéanamh go mbeidh meon i measc an státchórais i gcoitinne. Níl an Roinn á lochtú agam. Caithfear an meon neodracht nó uaireanta naimhdeach i leith na Gaeilge a athrú agus go dtuigfear gur gá dúinn an t-athrú sin a dhéanamh, go háirithe nuair a bhfeictear páistí, tuismitheoirí agus oidí lasmuigh de Theach Laighean inniu ag déanamh éileamh go mbeidh Gaelcholáiste ann do na páistí nuair a chríochnaíonn siad sa bhunscoil, rud nach bhfuil an chuma air faoi láthair go mbeidh sé ann. Ní cóir go mbeadh sé sin ag tarlú.

Críochnóidh mé ar an bpointe seo. Is rud tubaisteach é nuair a bhíonn píosa den státchóras i gcoinne treo agus meon an Bhille. Bhí a fhios ag cuid mhór an phobail agus iad siúd sna Ranna go raibh sé seo ag teacht agus go rabhamar ag dul i dtreo difriúil maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Shleamhnaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Coimisinéir an Gharda Síochána isteach athruithe ar an gcaighdeán maidir le cigirí agus sáirsintí. Bhí sé sin go dona agus níor chóir go ndearnadh é sa tslí rúnda nó sa tslí shleamhain inar tharla sé ach go háirithe agus muid ag plé athrú poirt maidir leis an nGaeilge ó thaobh an státchórais de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.