Dáil debates

Wednesday, 15 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Leasuithe ón Seanad - Official Languages (Amendment) Bill 2019: From the Seanad

 

4:02 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht, is mór an onóir dom a bheith anseo ar an lá stairiúil tábhachtach seo do phobal na tíre i gcoitinne agus do mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta ach go háirithe. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis an teanga mar chéad teanga oifigiúil an Stáit, mar chuid luachmhar d'oidhreacht an oileáin seo agus, níos tábhachtaí fós, mar theanga bheo i measc pobal ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht ach go háirithe. Mar is eol don Teach, is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann. Tá stádas láidir bunreachtúil ag an nGaeilge ón mbliain 1937 go dtí an lá inniu. Leis an mBille nua seo, tá bunsraith láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúine atá le teacht.

Ar ndóigh, bhí tacaíocht don Ghaeilge mar bhunchloch ag polasaithe gach Rialtas ón chéad lá riamh. Bhain an mhórchuid den reachtaíocht maidir leis an Ghaeilge suas go dtí deireadh an 20ú haois le hoideachas agus leis an nGaeltacht fhisiciúil a leagadh amach in 1956, go dtí gur achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a raibh sé mar aidhm aige creatlach nuálach a chur ar fáil do fheabhsú na seirbhísí Stáit trí Ghaeilge ar fud na tíre. Is liosta le lua é liosta na bhforbairtí ar stádas oifigiúil na teanga a tháinig chun cinn ó aithníodh an Ghaeilge mar an phríomhtheanga náisiúnta faoin mBunreacht in 1937 agus ó rinneadh sainiú ar na ceantair Ghaeltachta 19 bliain ina dhiaidh sin. In 1972, 16 bliain ina dhiaidh sin, thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh agus tháinig TG4 ar an aer in 1996. Is fiú trácht a dhéanamh ar Acht na Gaeltachta, 2012, an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 agus an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999, a bhfuil an Bille nua seo ag teacht sna sála orthu.

Bunaíodh Roinn na Gaeltachta faoi alt 3 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 chun “leas cultúrtha, sóisialach agus geilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn." Bhí Tomás Ó Deirg, Liam Mac Cuinneagáin, Gearóid Mac Pharthaláin agus Seán Ó Coileáin i lár na díospóireachta maidir le bunú na Roinne nua. Aithníodh na dúshláin agus na constaicí a bhaineann le cosaint na Gaeilge agus í ag maireachtáil taobh le taobh le mórtheanga dhomhanda an Bhéarla. Bhí na dúshláin sin le feiceáil sa Ghaeltacht ach go háirithe, áit ina raibh an dátheangachas tagtha chun cinn go mór agus úsáid na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide an teaghlaigh agus an phobail faoi bhrú leanúnach dá réir. D'úsáid an t-iarAire Oideachais, Risteárd Ua Maolchatha, na focail seo le linn na díospóireachta Dála maidir le bunú Roinn na Gaeltachta faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956:

Ní gá dhom dul siar ar na hiarrachtaí a rinneadh le breis agus deich mbliana fichead anuas ar mhaithe leis an nGaeltacht. Is leor a rá nar éirigh leis na hiarrachtaí sin mar ba mhaith linn. Tá an Ghaeltacht ag meath i gcónaí. Deirtear linn go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhFíor-Ghaeltacht ag dul i laghad do réir míle duine sa mbliain.

Bunaíodh Údarás na Gaeltachta in 1979 nuair a thug Aire na Gaeltachta, Donncha Ó Gallchóir, an Bille um Údarás na Gaeltachta ós comhair na dTithe. Ba é an aidhm le bunú an údaráis ná "caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomhtheanga sa Ghaeltacht a spreagadh agus forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh geilleagair, sóisialachta, cultúir, teanga agus gnéithiúlachta." Maidir leis an mBille sin, tháinig tacaíocht ó na Teachtaí John Horgan agus Kathleen Ahern. Dúirt Kathleen Ahern "gur céim mhór ar aghaidh é agus comhartha eile go bhfuil an Rialtas agus an tAire i ndáiríre faoi thábhacht na Gaeltachta agus faoi thábhacht na teanga."

Bunaíodh Foras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 agus ba chéim stairiúil eile i bhforbairt an chaidrimh ar an oileán seo agus idir oileáin na hÉireann agus na Breataine é sin. Mar Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, cuir an Teachta Éamon Ó Cuív fáilte roimh an mBille chun forais fheidhme, An Foras Teanga ina measc, a bhunú. Labhair an tAire Gnóthaí Eachtracha, David Andrews, ar an chéim mhór chun tosaigh a tógadh i gcur i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta agus san athrú ó choimhlint agus deighilt go síocháin agus comhoibriú agus an Bhille á achtú.

Tógann an Bille nua ar an obair shuntasach a rinne mo chomhghleacaí, an Teachta Éamon Ó Cuív, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Mar sin, ba mhaith liom díriú ar an gcúlra a bhaineann leis an mBille le comhthéacs a thabhairt don lá stairiúil seo. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i mí Iúil 2003 agus ba iad na príomhaidhmeanna a bhí ag an Acht sin ná timpeallacht a chruthú ina mbeadh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeadh an teanga níos feiceálaí, agus go mbeadh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Bhí sé mar aidhm aige freisin go mbeadh tuiscint i bhfad níos fearr ag an saoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di agus ar cén caighdeán seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.

Thug an t-iarAire, Donncha Mac Fhionnghaile, Bille na Gaeltachta, 2012 ós comhair Thithe an Oireachtais. Ba iad na bpríomhaidhmeanna a bhí ag an mBille ná sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Faoi Acht na Gaeltachta, 2012, bunaíodh an Ghaeltacht feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha, mar a bhí i gceist go dtí sin. Thug Acht na Gaeltachta feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbíonn pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge.

Agus mé ag caint faoin bpróiseas pleanála teanga, is fiú labhairt faoin obair shuntasach atá á déanamh faoin bpróiseas. Den 26 limistéir pleanála teanga atá aitheanta faoin bpróiseas, tá 25 plean teanga ceadaithe go dáta. Tá ceithre bhaile seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dáta. Anuas air sin, tá dhá phlean eile á mheas ag an Roinn faoi láthair.

Tá trí líonra Gaeilge ceadaithe go dtí seo faoin bpróiseas atá á chur i bhfeidhm faoi scáth Acht na Gaeltachta, 2012 agus is fiú a lua chomh maith go bhfuil dhá líonra Gaeilge ceadaithe faoi stiúir Fhoras na Gaeilge sa dlínse ó Thuaidh - Carn Tóchair agus iarthar Bhéal Feirste - nach dtagann faoi scáth díreach an Achta, ach atá lárnach sa phróiseas.

Tá stádas ag an nGaeilge mar chéad teanga oifigiúil an Stáit faoi Bhunreacht na hÉireann agus soláthraíonn an reachtaíocht atá beartaithe aitheantas don stádas sin sa reachtaíocht. Mar aon le gach teanga, tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglúnta atá le teacht inár ndiaidh. Sa chomhthéacs seo, ba chinneadh ríthábhachtach don Ghaeilge é deireadh a chur leis an maolú ar a húsáid san Aontas Eorpach in 2022. De bharr an chinnidh seo, tá deiseanna ar fáil do chainteoirí Gaeilge san Eoraip, áit ina mbeidh fostaíocht d'ardchaighdeán ar fáil dóibh. Tá sé geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go dtabharfadh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun an cinneadh maidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm. Tá an gealltanas seo deimhnithe arís i bplean gníomhaíochta na straitéise don tréimhse 2018 go dtí 2022 a foilsíodh in 2018, áit a bhfuil cúig ghníomh ar leith luaite leis an bplean le deireadh a chur leis an maolú.

Mar chuid den obair sin, tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn agus ard-stiúrthóireacht an aistriúcháin chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san AE. Mar thoradh ar an obair shuntasach seo, tá méadú déanta ag an Aontas Eorpach ar líon na mball foirne Gaeilge agus beidh beagnach 200 duine ag obair sna seirbhísí teanga ag tús na bliana seo chugainn nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú.

Maidir leis an mBille nua a bhfuil mar ábhar den díospóireacht seo, táim fíorbhródúil go bhfuilimid anseo inniu agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 á phlé againn don uair dheireanach sna Tithe seo. Bhí deis ag an bpobal a gcuid tuairimí a roinnt linn sular dréachtaíodh an Bille seo agus cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Bhí ionchur faighte ag oifigigh mo Roinne ó réimse leathan de gheallsealbhóirí agus ba léir don Rialtas go raibh, agus go bhfuil, éileamh ann i measc an phobail ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán mar a bhí agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo i mí na Bealtaine 2018. Ba mhór an chabhair é sin agus an Bille á dhréachtú ag oifigigh mo Roinn.

Ba mhaith liom anois mo bhuíochas a ghabháil leis na Teachtaí uilig as ucht a bheith rannpháirteach sa díospóireacht fhiúntach ar an mBille sa Teach seo. Tar éis na díospóireachta ar an mBille agus na saincheisteanna a ardaíodh sa Teach seo agus sa Seanad, tá an Bille os comhair na Dála arís inniu le leasuithe breise Rialtais, a moladh agus a glacadh leo, ar Chéim an Choiste agus ar Chéim na Tuarascála sa Seanad a fhaomhadh.

Sula dtugaimid aghaidh ar na leasuithe seo, b’fhéidir go mbeadh sé úsáideach athchuairt a thabhairt ar phríomhchuspóir an Bhille, cé go n-aithním go bhfuil Teachtaí ar an eolas agus go dtuigeann siad é. Is é príomhchuspóir an Bhille Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Féachfar leis an mBille le cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí roimh dheireadh 2030, agus gur trí mheán na Gaeilge a chuirfear seirbhísí Stáit ar fáil taobh istigh de limistéir Ghaeltachta.

Chuige sin, tá sé i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Gné shuntasach eile den Bhille is ea caighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí poiblí agus iad a chur in ionad chóras láithreach na scéimeanna teanga, a fhágfaidh go mbainfidh na comhlachtaí poiblí sin, ar mó an t-idirghníomhú a bhíonn acu leis an bpobal, caighdeáin níos airde a bhaint amach. Ceanglófar, le príomhfhorálacha eile, ar chomhlachtaí poiblí a éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge nuair a bheifear ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha Gaeilge a bheith acu.

Mar fhocal scoir, arís ba mhaith liom buíochas a glacadh le gach Teachta as ucht bheith rannpháirteach agus comhoibritheach ar an mBille seo. Ba mhaith liom an deis a thapú mo bhuíochas a ghabháil leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus le Conradh na Gaeilge ach go háirithe agus na geallsealbhóirí uilig as ucht a n-ionchur sa phróiseas agus tréaslaím leo as ucht na hoibre atá déanta acu ó foilsíodh an Bille nua agus as a gcomhoibriú i gcónaí. Gabhaim buíochas le m’oifigigh féin sa Roinn, Dr. Aodhán Mac Cormaic agus a fhoireann, leis an dréachtóir agus le foireann Oifig na mBillí as an tsárobair a rinne siad ar an mBille.

Gheall mé go dtabharfaí an Bille is láidre chun cinn agus tá mé sásta go bhfuil an gealltanas sin coinnithe agam i gcomhar le gach Ball den Teach seo. Rachaidh an Bille chuig an Uachtarán inniu, le tacaíocht Baill na dTithe, dá shíniú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.