Dáil debates

Tuesday, 14 December 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Foireann Seirbhíse Sláinte

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael) | Oireachtas source

Táim fíorbhuíoch as ucht an seans chun an t-ábhar tábhachtach seo a phlé sa Dáil anocht. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a bheith anseo chomh déanach anocht. Ocht lá ó shin, bogadh bean 90 bliain d'aois ó Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne i nDaingean Uí Chúis go saoráid chónaithe i gCill Airne. Tá Cill Airne os cionn 70 ciliméadar óna baile féin i mBaile na nGall agus beagnach trí uair a chloig de thuras fillte dá clann. Is é Máire Bean Uí Bheaglaíoch an t-ainm atá uirthi. Tá sé dochreidte go bhfuil sé seo ag tarlú in 2021 ach is é seo an cás. Is é an cúis leis an mbogadh seo ná an easpa altraí agus an easpa leapacha san ospidéal a ghabhann leis. Tá níos mó altraí ag teastáil uainn go práinneach in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne chun na leapacha atá ann anois a choimeád ar oscailt agus na leapacha folmha atá ann a oscailt arís do mhuintir Chorca Dhuibhne agus dár seandhaoine leithéidí Máire ach go háirithe. Níl sé ceart ar chor ar bith go bhfuil Máire i gCill Aire, chomh fada sin óna baile, anocht cé go bhfuil 14 leaba folamh ina ceantar dúchais i gCiarraí thiar. Chaith Máire sé mhí i leaba gearrchónaithe in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne sular bogadh í go Cill Airne. Bhí sí socraithe agus sásta go maith agus bhí aithne aici ar gach duine. Bhí sí ann a máthairtheanga a úsáid go laethúil le foireann an ospidéil agus le hothair eile. Níl sí in ann é sin a dhéanamh anois agus tá a clann buartha go mór go bhfuil sí imithe síos mórán le seachtain. Níl sí in ann na haltraí i gCill Airne a thuiscint agus níl siad in ann í a thuiscint. Níl sé ceart go raibh Máire ar an liosta feithimh fadtéarmach tar éis sé mhí a chaitheamh san ospidéal. Is cinnte go gcaithfear eisceachtaí a dhéanamh i gcásanna leis na tosca sin go léir.

Tá mé ag glaoch arís anocht chun Máire a thabhairt ar ais chuig a ceantar dúchais i gCiarraí Thiar ar chúiseanna daonnúla.

Chomh maith leis sin, tá an HSE ag rá ar feadh blianta anois go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall chun altraí a earcú ag ospidéal pobal Chorca Dhuibhne ach níl na haltraí ag teacht. Tá an HSE ag rá go bhfuil ceithre altra nua ag teastáil uathu chun na hocht leaba ghearrthéarmach agus na hocht leaba fhadtéarmach a oscailt ach tá altraí ag an ospidéal ag rá go bhfuil i bhfad níos mó altraí ná an líon seo ag teastáil, go háirithe mar go mbeidh beirt altraí eile ag éirí as go luath.

Tá an HSE ag déanamh an rud céanna maidir leis an ospidéal ar feadh blianta ag súil le torthaí difriúla a fháil. Caithfidh siad plean a chur in áit chun foireann iomlán a chur ar bun chun na leapacha go léir a oscailt do mhuintir Chorca Dhuibhne agus todhchaí an ospidéil a shábháil.

We need nurses, we need more beds and we need to get Máire Bean Uí Bheaglaíoch back home and we need to make sure that this never happens to any person from west Kerry again. I cannot adequately state the stress this has caused, not just Máire herself, but to her entire family and community. I thank the Minister of State for engaging with me over the past week or so, especially on this case. However, we need the HSE to look at the exceptional circumstances of this case, address it and move Máire Bean Uí Bheaglaíoch back to Dingle, but also urgently address the need for more staff and more beds at west Kerry community hospital.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.