Dáil debates

Tuesday, 30 November 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Cúrsaí Gaeilge

11:25 pm

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom cúpla rud eile a rá. Is é mo thuairim go bhfuil seans iontach againn faoi láthair cuid mhór de na fadhbanna sa chóras tithíochta sa Ghaeltacht a réiteach, i gContae Chiarraí, sa phlean nua forbartha contae. Ar leibhéal náisiúnta tá a lán le déanamh againn freisin. Tá coimhlint idir an polasaí tithíochta sóisialta agus an polasaí teanga. Tá a fhios againn cad a tharlódh dá mbeadh an iomarca daoine gan an teanga ag teacht isteach sa Ghaeltacht gan aon intinn acu an teanga a úsáid sa todhchaí. Níl sé sin ceart agus caithfimid níos mó a dhéanamh ar an ábhar sin. Chomh maith leis sin, teastaíonn leibhéal caighdeánach náisiúnta uainn freisin do gach comhairle contae sa chomhthéacs seo.

Bhíos ag labhairt faoi seo sa Teach coicís ó shin. Caithfimid deontais a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh teach a cheannach den chéad uair agus iad a dhéanamh suas. Ba cheart dúinn an scéim help to buy a thabhairt dóibh freisin. B’fhéidir go bhféadfaimis buntáiste cánach a thabhairt do na húinéirí a dhíolann na tithe seo do dhuine atá ag iarraidh teach a cheannach den chéad uair, go háirithe daoine óga le Gaelainn sa Ghaeltacht. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tugaim cuireadh don Aire agus don Aire Stáit atá freagrach as tithíocht teacht ar cuairt go Corca Dhuibhne chun bualadh le muintir na Gaeltachta faoi na fadhbanna seo..

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.