Dáil debates

Tuesday, 30 November 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Cúrsaí Gaeilge

11:15 pm

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle. Táim fíor-bhuíoch an seans seo a bheith agam an t-ábhar tábhachtach seo a phlé anseo sa Dáil anocht. Mo bhuíochas don Aire Stáit as a bheith anseo chomh déanach anocht agus tá súil agam go dtabharfaidh sí na sonraí ón díospóireacht seo don bheirt Airí, an tAire, Teachta Ó Riain agus an tAire Stáit, Teachta Burke.

Faoi láthair, mar is ionann an scéal don tír go léir, tá fadhbanna móra ag daoine óga sna limistéir Ghaeltachta i gCiarraí le cúrsaí tithíochta. Tá sé i bhfad ró-dheacair cead pleanála a fháil, tithe a cheannach nó a fháil ar cíos i ngach áit ach, go háirithe i gCiarraí thiar de bharr, ar an gcéad dul síos, na radhairc agus ansin an méid tithe saoire a bhfuair cead pleanála thar na blianta freisin.

Chomh maith leis sin, tá na praghsanna ar sheantithe ró-ard don chuid is mó de na daoine sa cheantar de bharr daoine atá ag teacht isteach chun tithe saoire a cheannach agus ón méid airgid atá ag dul le tithe téarma gearra ar an margadh anois freisin.

Idir 2015 agus 2021 ceadaíodh 101 iarratas pleanála i gceantair Ghaeltachta Chontae Chiarraí. San am céanna diúltaíodh 26 iarratas ach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, diúltaíodh timpeall iarratas amháin i ngach ceithre iarratas. Ní raibh ach diúltú amháin i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Níl a fhios againn cad iad na huimhreacha pre-planning agus na daoine a chuala ó na hoifigigh phleanála nach raibh aon seans acu cead pleanála a fháil agus dá bharr sin nach raibh aon iarratas curtha isteach ar chor ar bith. Bheadh na figiúirí an-tábhachtach i gcomhthéacs na díospóireachta seo agus chuir mé ceist ar Chomhairle Contae Chiarraí chun na huimhreacha sin a fháil.

Bhuail mé le déanaí le Breandán Ó Beaglaoich agus daoine eile ón ngrúpa Todhchaí na Tuaithe agus bhí mé ann leo i mBaile na nGall an tseachtain seo caite agus bhí mé ann leo taobh amuigh de na geataí seo i mí Mheán Fómhair nuair a bhí agóid acu faoin ábhar. Tá an grúpa seo an-bhuartha go bhfuil an teanga ag fáil bháis sa Ghaeltacht de bharr na ndeacrachtaí atá ag daoine óga tithíocht áitiúil a fháil.

Tá siad ag rá go mba cheart seans a bheith ag daoine córas traidisiúnta a úsáid le níos mó tithe a bheith ar shuíomh amháin le córas séarachais don ghrúpa. Bheadh sé ciallmhar agus praiticiúil cnuasach tithe a thógáil le chéile ar an nós traidisiúnta sa Ghaeltacht. Is trua é nach bhfuil aitheantas tugtha i ndréachtphlean forbartha Contae Chiarraí don traidisiún seo i gCiarraí thiar go hairithe.

Tá stádas speisialta ag teastáil uainn do dhaoine ón tuath atá ag lorg ceadanna pleanála ina gceantair dhúchais ach, go háirithe, do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge acu sa Ghaeltacht mar tá an córas tithíocht sa Ghaeltacht faoi láthair ag teip, ag teip do na daoine áitiúla agus chomh maith leis sin don teanga.

Táim ag lorg freagraí ar na ceisteanna seo. Tá fadhb an-mhór ann agus tá a lán daoine buartha. Tá an Stát ag cur a lán airgid isteach sa teanga ach ag an am céanna níl na daoine áitiúla in ann fanacht ina gceantar dúchais agus tá an teanga ag imeacht leo freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.