Dáil debates

Thursday, 25 November 2021

Ceisteanna Eile - Other Questions

An Garda Síochána

11:50 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire as an freagra sin. Fuair mé an freagra tar éis dom an cheist a chur isteach ach ní dhéileálann an freagra leis an gceist i gceart. Is í an cheist atá curtha ar an Aire ná sula ndearna sí an t-ordú a shíniú, ar labhair sí leis an Aire Stáit le freagracht i leith chúrsaí Ghaeilge agus Gaeltachta nó ar labhair sí leis an gCoimisinéir Teanga mar is ait go raibh Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus níor luaigh sé go raibh an t-athrú seo ag tarlú. Is a mhalairt de threo a bhí sé ag caint faoi nuair a bhí sé os ár gcomhair. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil an lámh ar chlé ag labhairt leis an lámh ar dheis agus nach n-aithníonn an córas Stáit go bhfuil fadhb bhunúsach ann maidir le leibhéal seirbhísí i nGaeilge ón nGarda Síochána.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.