Dáil debates
Thursday, 25 November 2021
Ceisteanna Eile - Other Questions
An Garda Síochána
11:50 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
130. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cén fáth nach bhfuil freagra aici go fóill dom ar mo cheisteanna faoin ísliú stádais a thug sí don Ghaeilge sa Gharda Síochána, go háirithe Ceisteanna Parlaiminte uimhir 536 agus 537 a cuireadh uirthi an 9 Samhain 2021, in ainneoin go raibh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán in ann eolas a thabhairt dúinn maidir leis an gceist chéanna ina freagra ar Cheist uimhir 308, a cuireadh uirthi an lá céanna; an bhfreagróidh sí na ceisteanna sin anois; agus cén fáth a bhfuair sí réidh le riachtanas Gaeilge don Gharda Síochána agus do Choimisinéir an Gharda Síochána, tar éis di a admháil go bhfuil gá cur leis an nGaeilge san eagraíocht, tar éis gur sháraigh siad an dlí de réir tuarascála ón gCoimisinéir Teanga a leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais. [57953/21]
No comments