Dáil debates

Tuesday, 9 November 2021

Ceisteanna - Questions

Departmental Schemes

4:30 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

An rud is tábhachtaí ná rudaí a dhéanamh i ngach slí gur féidir linn. Tá TG4 ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód agus rinneamar an-chuid chun é sin a chur i bhfeidhm, le daoine eile.

Ó thaobh na ceiste a chur an Teachta Aindrias Ó Muimhneacháin, agus muid ag déanamh an athbhreithnithe ar an scéim agus ar an Acht, an rud is tábhachtaí ná déileáil leis an bpobal. Tugtar freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras atá faighte i nGaeilge, mar shampla.

Maidir leis na buaicphointí, déanaim tagairt do na foilseacháin, preasráitis, óráidí, cáipéise agus beartais. Tá sé geallta inár scéim teanga go bhfoilsítear ar a laghad 30% de phreasráitis i nGaeilge. Tá ábhar statach agus grafaicí mo Roinne ar na láithreáin ghréasáin gov.ieagus merrionstreet.iear fáil sa dá theanga. Áirítear leis seo earcaíocht, oiliúint agus forbairt ó thaobh cumas teanga a fheabhsú. Ó thaobh poist shainithe Gaeilge, sainíodh dhá phost, ceann amháin i m’oifig phríobháideach agus ceann eile i Seirbhís Fhaisnéise an Rialtais. Ó thaobh seirbhísí i nGaeilge a phoibliú, cuirimid custaiméirí ar an eolas ar bhonn réamhghníomhach faoi na roghanna atá ar fáil chun tabhairt faoi ghnó linn i nGaeilge. Aontaím go gcaithfimid níos mó a dhéanamh chun freastal ar dhaoine atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn agus sin atá ar bun againn. Tá mo Roinn sásta é sin a dhéanamh, agus gach aon Roinn eile, ach tá dualgas ar gach Roinn an tAcht a chur i bhfeidhm agus déileáil leis an bpobal.

I gcoitinne, tá an-chuid tacaíochta fós á thabhairt, gan amhras, do na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí. Tá ceann nua an-mhór oscailte i gCarraig Uí Leighin le déanaí. Tá TG4 agus Raidió na Gaeltachta ag fáil an-chuid tacaíochta ón Rialtas. Tá eagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre atá ag déanamh a ndícheall an Ghaeilge a chothú agus tá mé ag tabhairt tacaíochta do na heagraíochtaí sin chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.