Dáil debates

Tuesday, 9 November 2021

Ceisteanna - Questions

Departmental Schemes

4:30 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ról ceannaireachta ag oifig an Taoisigh agus tá deis an-mhaith aige cúrsaí Gaolainne a chur chun cinn, ní amháin sa tír seo ach go forleathan ar fud na cruinne. Tá ardán mór agus láidir ag an Taoiseach agus a oifig i measc pobal na Gaolainne ar fud na cruinne. Tá an cheathrú scéim teanga i bhfeidhm ina oifig faoin tráth seo. Bheadh athnuachan le déanamh air sin an bhliain seo chugainn agus bheadh athbhreithniú ar siúl faoin tráth seo. Tá an Rialtas ag tabhairt chun cinn Bille nua a athróidh an tslí go ndéantar láimhseáil ar na scéimeanna teanga agus mar sin de. Mar sin, ní bheinn ag súil go mbeadh aon athnuachan á dhéanamh ach beidh athbhreithniú le déanamh. Cad iad na buaicphointí atá le feiscint mar chuid den athbhreithniú atá an Rialtas ag déanamh? Cén dul chun cinn atá déanta maidir leis na scéimeanna éagsúla a bhí i bhfeidhm in oifig an Taoisigh? Can iad na spriocanna atá amach romhaibh? Tá sé in aigne leis an mBille nua go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa Státseirbhís ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn. An bhfuil na huimhreacha sin nó an líon sin daoine ann cheana féin in oifig an Taoisigh nó cathain an bhfuil an Taoiseach ag súil a leithéid sin a bhaint amach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.