Dáil debates

Tuesday, 9 November 2021

Ceisteanna - Questions

Departmental Schemes

4:20 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé i gceist agam ceisteanna 18 agus 19 a fhreagairt le chéile. Foilsíodh scéim Ghaeilge reatha mo Roinne ina clúdaítear an tréimhse 2019 go 2022, sa bhliain 2019 ar gov.ie. Tá réimse gealltanas seirbhíse sa scéim atá leagtha amach lena chinntiú gur féidir le haon chustaiméir de chuid Roinn an Taoisigh ar mian leo tabhairt faoina ghnó nó faoina gnó trí Ghaeilge, é sin a dhéanamh. Airítear leis sin seirbhísí ar an nguthán nó i bpearsa agus doiciméid a fhoilsiú ina leagtar amach tograí beartais poiblí. D'fhonn cloí le meon Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá mo Roinn tiomanta d'fhorbairt agus do chothabháil chultúir ina spreagtar úsáid na Gaeilge laistigh den Roinn agus lenár gcustaiméirí araon.

Áirítear leis seo cohórt foirne leordhóthanach a fhostú a bhfuil inniúlacht leordhóthanach acu an leibhéal seirbhíse a chomhlíonadh agus deiseanna a chur ar fáil chun cuidiú le baill fhoirne a n-eolas agus leibhéal úsáide a fheabhsú. Cé nach dtugann mo Roinn leibhéal suntasach éilimh faoi deara ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge, aithníonn sí an tábhacht atá le baill fhoirne a bheith ann atá líofa i nGaeilge agus atá in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus leanfaidh sí ina bhun sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.