Dáil debates

Tuesday, 5 October 2021

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo dhíomá agus mo chuid feirge a chur in iúl go bhfuil sé leagtha amach go mbeidh díospóireacht srianta againn amárach ar feadh trí uair agus fiche nóiméad. Tá sé sin scannalach agus maslach agus nílimid chun glacadh leis. Níl sé féaráilte. Táimid ag fanacht leis an mBille le fada. Níl a fhios agam cé chomh fada agus atáimid ag fanacht - ag dul siar go dtí 2015 - agus fós, níl na leasuithe feicthe againn sa bhunpháipéar.

Níl sé foilsithe fós ag Oifig na mBillí agus níl locht ar bith uirthi. Tá an locht go huile is go hiomlán ar an Rialtas. Ní féidir leanúint ar aghaidh agus a rá go bhfuil sé dáiríre faoi Bhille nua agus an t-am chomh srianta agus atá sé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.