Dáil debates

Wednesday, 29 September 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Forbairt Calaí agus Céanna

9:42 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá mé buíoch den Aire Stáit as ucht teacht isteach anseo ar maidin. Táimid ag caint ar sheanscéal anseo ar na hoileáin, sé sin, an fhadhb a bhaineann le céibheanna nach bhfuil feiliúnach ar chor ar bith don saol atá ann anois agus don aimsir atá againn anois. Tá an cheist seo thar a bheith práinneach. Tá sé spéisiúil mar idir 1997 agus 2010 ceadaíodh luach €100 milliún de thograí caipitil ar na hoileáin ach ó 2010 i leith go 2021, níor ceadaíodh aon togra os cionn €1 milliún. Tá éigeandáil ann dá bharr sin.

Tógfaidh mé Inis Oírr i dtosach. Fríothadh cead pleanála ansin i 2008. I 2015, díreach roimh an toghchán a tháinig i dtús 2016, cuireadh airgead isteach i Meastacháin na Roinne ach ó thaobh tógála de, níl aon airgead ceadaithe fós do chéibh Inis Oírr agus níl aon obair tosaithe. Tá gá anois le bogadh ar aghaidh. Tá contúirt ollmhór ar an gcéibh seo mar atá sé i láthair na huaire agus is é grásta Dé nár maraíodh aon duine ann. Molaim don Aire Stáit dul isteach go dtí an t-oileán ar an mbád sa gheimhreadh. Rinne mise é go minic agus rinne mé uair amháin nach ndéanfaidh mé dearmad air choíche, nuair a bhí inneall an bháid ag imeacht ar an gcéibh ag iarraidh an bád a choinneáil socair le go rithfinn agus an bheirt eile a bhí ar an mbád isteach ar an gcéibh. Tuigim anois go bhfuil ceadúnas imeall trá á lorg. Ba cheart don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúla agus Oidhreachta tosaíocht a thabhairt dó seo mar obair agus gan a bheith ag déanamh leithscéalta go bhfuil rudaí eile ar na bacáin acu.

Maidir le hInis Meáin, rinneadh obair mhór ar chéibh an Chaladh Móir sna 2000anna agus ag an am ba é an togra céibhe oileáin ba mhó a ceadaíodh go dtí sin. Tuigeadh ag an am a tógadh é go raibh pas 2 agus 3 le déanamh i gcónaí agus dá bharr seo tá an bád lasta fós ag dul ag céibh na Cora. An fhadhb atá le céibh na Cora, go simplí, ná gur maraíodh beirt ar an gcéibh sin, ag amanna éagsúla de bharr maidhmeanna. I gcás amháin bhris an rópa a bhí ag ceangal an bád le céibh agus i gcás eile bhí fear ag seasamh ar an gcéibh agus scuabadh isteach san fharraige é le maidhm mhór a tháinig isteach.

An fhadhb atá le réiteach anseo ná go gcaithfear a rá le Comhairle Contae na Gaillimhe cén cineál airgead atá ar fáil don chéibh seo. An bhfuil €50 milliún ar fáil nó an bhfuil €20 milliún i gceist? Go dtí go mbeidh an t-eolas sin curtha ar fáil, ní féidir céibh a phleanáil mar ní fiú céibh a phleanáil nach bhfuil an t-airgead le bheith ag an Roinn di. Táimid ag dul anonn agus anall ar an gceist seo. An bhféadfadh an Roinn buille faoi thuairim a thabhairt do lucht pleanála na céibhe? Is Coláiste na hOllscoile i gCorcaigh atá ag déanamh na modhanna agus an chomhairle contae atá ag déanamh na hoibre pleanála. Cén cineál buiséad atá ag an Roinn leis an gcéad chéim eile a dhéanamh ar an gcéibh seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.