Dáil debates

Tuesday, 28 September 2021

6:35 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táimid i lár géarchéime tithíochta faoi láthair, géarchéim atá ann mar gheall ar pholasaithe an Rialtais le blianta anuas agus mar gheall go raibh buiséad i ndiadh buiséid le cúig bliain anuas nár ndeachaigh i ngleic leis an ngéarchéim seo, buiséid de bhunú Fhine Gael ach le tacaíocht ó Fhianna Fáil. Níl sa phlean seo ach polasaithe Rebuilding Ireland. B'fhéidir go bhfuil ainm eile air ach sin atá i gceist.

An rud a dteastaíonn ná 20,000 teach gach uile bliain; tithe shóisialta, tithe ar phraghas réasúnta agus tithe atá ar chíos ar phraghas réasúnta, ach ní sin atá ann. Táthar ag úsáid figiúirí a bhaineann le deich mbliana ach caithfidh muid a bheith réalaíoch faoi céard atá i gceist gach uile bhliain. Tá laghdú de 10,000 teach i gceist nuair a bhreathnaímid go 2030; 90,000 teach a bheas i gceist seachas 100,000 teach mar a dúradh linn ón tús.

Tá a fhios againn go bhfuil ganntanas ann, mar a dúradh níos luaithe, i dtéarmaí infreastruchtúir. Ní hé muidne díreach atá á rá sin ach is léir go bhfuil na Teachtaí ar an taobh eile á rá freisin. Chomh maith leis sin, tá an ESRI, an OECD agus an IMF fiú á rá. Teastaíonn infheistíocht cuí mar gheall air sin. Teastaíonn 20,000 teach in aghaidh na bliana ach níl i gceist don bhliain seo chugainn ach 11,000 teach. Níl sé sin i ndóthain. Tá daoine ag streachailt lá i ndiadh lae i nGaillimh, sna cathracha agus faoin tuath mar gheall ar an easpa infreastruchtúir cuí sa tír agus mar gheall nach bhfuil tithe ar phraghas réasúnta, tithe sóisialta nó fiú tithe ar chíos réasúnta ar fáil. Tá daoine ag streachailt mar gheall air sin.

Caithimid dul i ngleic leis seo. Níl an plean seo ag dul i ngleic leis ach caithimid é sin a dhéanamh agus a chinntiú go mbeidh 20,000 teach in aghaidh na bliana ar fáil do mhuintir an Stáit seo mar níl an méid atá ag tarlú faoi láthair sách maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.