Dáil debates

Thursday, 16 September 2021

Maritime Area Planning Bill 2021: Second Stage (Resumed)

 

2:30 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé sásta go bhfuil an Bille seo á phlé. Is rud fíorthábhachtach é go bhfuilimid ag plé leis an mBille seo atá ag déileáil le pleanáil amach ón gcósta. Dúradh liom agus chuala mé an Teachta Ó Cuív ag rá, agus b’fhéidir go ndúirt an Leas-Cheann Comhairle é freisin, nach dtuigeann sé cén fáth nach bhfuil Gaeilge ar an Teideal seo agus caithfidh mé a rá nach dtuigim cén fáth go bhfuilimid ag bogadh i dtreo téarmaíochta Bhéarla sa Dáil lá i ndiaidh lae.

Agus muid ag déanamh plé ar an mBille seo, is dócha gurb é an rud atá tábhachtach ná go mbeadh sé inár n-intinn i gcónaí agus muid ag plé le forbairt in-athnuaite agus pleanáil amach ón gcósta ná go gcaithfimid cinntiú go bhfuil tábhacht leis an mbitheolaíocht agus go bhfuil sí á cosaint againn. Chomh maith leis sin, caithfimid cuimhneamh ar na ceantair agus má tá forbairt ag tarlú, tá sé fíorthábhachtach go mbeidh buntáiste eacnamaíochta ag an gceantar agus más ceantar iargúlta é, amhail Conamara i mo Dháilcheantar féin, go mbeadh fostaíocht agus mar sin de ag teacht ón bhforbairt go dtí an ceantar sin.

Le cúpla lá anuas, bhí go leor cainte mar gheall ar go mb’fhéidir go mbeadh pleanáil á chur isteach i gcomhair forbartha in-athnuaite taobh amuigh de ché Ros an Mhíl agus b’fhéidir gur billiún euro a bheidh i gceist leis an bhforbairt sin. Is é an rud atá fíorthábhachtach, má tharlaíonn sé sin, ná go mbeadh buntáiste eacnamaíoch don cheantar. Má táimid ag breathnú air sin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an t-infreastruchtúr ann. Tá mé ag caint le fada an lá faoin tábhacht go mbeadh infreastruchtúr cuí ag ceantair iargúlta. Nuair atáimid ag caint faoin infreastruchtúr sin agus forbairt amach ón gcósta ag cé Ros an Mhíl, tá sé fíorthábhachtach go n-aontódh an Rialtas go dteastaíonn forbairt ar ché Ros an Mhíl.

Tá sé cloiste againn inniu agus le roinnt laethanta anuas go mbeidh tuairisc eile ar bun sula ndéantar cinneadh ar fhorbairt ché Ros an Mhíl. Táimid ag fanacht ar thuairisc i ndiaidh tuairisce agus caithfidh an Rialtas cinneadh a dhéanamh maidir le cé Ros an Mhíl agus caithfidh an Rialtas a rá go bhfuil sé chun an fhorbairt sin a dhéanamh ar mhaithe leis na daoine áitiúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.