Dáil debates

Wednesday, 15 September 2021

Maritime Area Planning Bill 2021: Second Stage

 

5:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is údar díoma dom nach bhfuil agam ach seacht nóiméad. Cuireann sé iontas orm nach bhfuil ach an méid sin ama agam chun Bille atá 247 leathanach ar fad a phlé. Tá i bhfad níos mó sa Bhille ná fuinneamh gaoithe. Tá an fuinneamh gaoithe thar a bheith tábhachtach ach tá go leor rudaí eile ann a thiocfaidh chun cinn de réir mar a bheidh an Bille seo á phlé. Beidh tionchar ollmhór aige seo mar baineann sé le chuile shórt sa bhfarraige ón leibhéal lán-mara. Is é sin an leibhéal a bhíonn ag an bhfarraige nuair a bhíonn an taoide istigh. Nuair a bhíonn an taoide tráite, beidh an talamh sin fós faoi thionchar an Bhille seo amach go 200 míle ó chósta na hÉireann. Táthar ag caint ar achar atá rud éicint ar nós seacht n-oiread níos mó ná achar an Stáit seo. Is mó i bhfad atá againn faoin bhfarraige ná mar atá againn ar thalamh na hÉireann. Ceathracha bliain ó shin, shíl chuile dhuine go mbeidh saibhreas go deo ag na tíortha a fuair ola ar an talamh amach ón gcósta ach ní mhair sé sin i bhfad. Feicimid sa Mhuir Thuaidh go bhfuil an gás gar ó ídithe. Is rud amháin faoin bhfuinneamh in-athnuaite ná go bhfuil sé in-athnuaite agus go mbeidh sé ann go deo a fhad is a bheidh an gaoth ag séideadh agus a bheidh taoidí agus tonnta ann. Sa ghearr-théarma, is ag brath ar tuirbíní gaoithe a bheidh muid. Beidh níos mó agus níos mó acu seo amuigh sa bhfarraige. Beidh cuid acu ag snámh agus cuid acu ceangailte go grinneall na farraige. San fhad-téarma, dá bhféadfadh muid taoidí a cheansú ar bhealach éigin agus fuinneamh a bhaint astu - agus is é an t-iontas nach bhfuil sé déanta fós ar bhonn tráchtála - bheadh sé i bhfad ní b-oiriúnaí mar tá rud amháin chomh cinnte is atá mise anseo agus is é sin go dtránn an taoide dhá uair sa lá agus go mbíonn lán mara ann dhá uair sa lá.

Mar sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go leanfaimid linn ag infheistiú sa teicneolaíocht nua agus go mbeadh an tír seo mar eiseamláir agus mar cheannródaí i bhforbairt na teicneolaíochta nua a bhaineann leis an tionscal seo ar fad. Tá mé buartha gur infheistíocht choimhthíoch is mó a bheidh i gceist agus, mar sin, go mbeidh an brabach ag dul taobh amuigh den Stát. Breathnaím timpeall orm féin ar rudaí a tharla sna glúinte atá thart nuair a bhí muid bocht ach rinne muid na forbairtí móra muid féin. Is é an Stát a chuir na crainn. Is é Bord na Móna a rinne forbairt ar an móin, rud a chinntigh go raibh fuinneamh againn ag am go raibh an tír seo thar a bheith gann ar fhuinneamh. Is é Bord Soláthair an Leictreachais a thosaigh ag giniúint leictreachais as uisce, rud a bhí thar a bheith mór ag an am. Tá na comhlachtaí Stáit againn le scil áirithe sa ghnó seo cheana féin. Táim ag caint faoi Choillte, Bord Soláthair an Leictreachais agus Bord na Móna. Ba cheart don Stát mór-infheistíocht a dhéanamh agus cinnte a dhéanamh go bhfuil an t-airgead agus an acmhainn ag na comhlachtaí sin chun infheistíocht a dhéanamh sa tionscal seo agus chun a bheith chun tosaigh. Más iad atá i gceist, is mó seans i bhfad go mbeidh na poist lonnaithe in Éirinn agus go mbeidh daoine as na pobail áitiúla á bhfostú.

Ar ndóigh is ceann de na rudaí a gcaithfear a dhéanamh ná gréasán leictreachais a chur timpeall na tíre are fad a cheanglóidh le Sasana, ar ndóigh leis an oileán seo agus le Mór-Roinn na hEorpa. Caithfimid a chinntiú - beidh mé ag breathnú níos géire ar an mBille seo nuair a bheidh deis agam – go mbeidh fostaíocht áitiúil i gceist. Níl aon mhaith a bheith ag breathnú amach ar na sceirdeanna agus ar na muilte agus tuirbíní gaoithe amuigh ansin agus gan aon phost a bheith ar an mórthír agus sa cheantar Iorras Aithneach. Níl aon mhaith a bheith ag breathnú amach ar na sceirdeanna gan aon fhorbairt a bheith déanta ar Ché Ros an Mhíl. Tá áthas orm go bhfuil na staidéir ar fad le bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana. Tá súil agam go ndéanfar cinneadh dul ar aghaidh leis an bhforbairt sin go gearr ina dhiaidh sin.

Ar ndóigh, tá go leor eile sa Bhille ach ní bheidh mé in ann tagairt a dhéanamh ach do dhá rud. Tá baint aige seo le ceadú cearta feamainne do dhaoine. Mar a dúirt mé ag an tús, baineann sé seo leis an trá suas go dtí an líne lán mara. Ar ndóigh, tuigeann muid uilig gur chúis achrainn iad na cearta feamainne – tá siad ar chuid de na folios ach níl siad ar chuid eile dóibh. Caithfimid déileáil leis an gceist seo agus caithfimid bheith aireach mar Theachtaí Dála nach ndéantar faillí ar chearta an phobail sa chás seo. Baineann sé le cáblaí leictreachais, le snáitheanna optaic agus le píopaí uisce a chur faoin fharraige, rud atá thar a bheith tábhachtach i gcás cuid de na hoileáin amach ón gcósta.Tógaim faoi deara gurb iad na húdaráis áitiúla atá ag plé le ceadanna pleanála a thabhairt cois cósta, suas go 3 muirmhíle amach ón gcósta. Níl a fhios agam go baileach céard é sin i gciliméadair. Arís, caithfidh an acmhainn a bheith ag na húdaráis áitiúla chun déileáil le seo.

Sa 26 soicind atá fágtha agam, ba mhaith liom rud eile a lua a chuireann iontas orm. De réir reachtaíocht atá á cur tríd an Dáil ag an Rialtas faoi láthair, beidh ainm Gaeilge ar gach eagraíocht Stáit a bhunófar amach anseo. Is cuma cén acrainm atá ann - agus cé chomh glic is atá sé - is ainm Béarla atá molta sa chás seo. Tá an Rialtas ag dul in aghaidh an méid atá á dhéanamh ag an bPríomh-Aoire agus é ag stiúradh Bille na dTeangacha Oifigiúla tríd an Dáil. Tá mé cinnte go dtuigfidh an Leas-Cheann Comhairle an t-iontas atá orm maidir leis an gceist áirithe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.