Dáil debates

Tuesday, 22 June 2021

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Cúrsaí Gaeilge

8:20 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an Rialtas seo tiomanta do chur i bhfeidhm na ngeallltanas a rinneamar maidir le New Decade, New Approach, tionscadail a rachaidh chun leasa an phobail ar fud an oileáin. Gan dabht, tá an phaindéim tar éis mórán dár gcuid ama a thógáil le 15 mhí anuas. I mí Eanáir, áfach, reáchtáladh an chéad chruinniú maidir le hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm an chomhaontaithe. Cruinniú fíorúil a bhí ann agus bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha, an státrúnaí, an Chéad Aire agus an leas-Chéad Aire, agus ceannairí páirtithe Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann i láthair ag an gcruinniú. Gheall na páirtithe go léir ag an gcruinniú a dtiomantas leanúnach maidir le cur i bhfeidhm an chomhaontaithe.

Maidir le teanga agus cultúr, tá soláthar sa chomhaontú maidir le reachtaíocht don Ghaeilge, ag tabhairt aitheantais don ilghnéitheacht cultúir agus féiniúlachta i dTuaisceart na hÉireann. Mar chuid den tiomantas ar chur i bhfeidhm iomlán an chomhaontaithe, tá an Rialtas ag súil go mbeifear in ann an reachtaíocht seo a thabhairt isteach chomh luath in Éirinn agus is féidir. Tá oifigigh mo Roinne ag comhoibriú go leanúnach le páirtithe leasmhara mar a bhaineann sé le spriocanna an Rialtais ó thaobh na teanga de sa Tuaisceart a bhaint amach, go háirithe ag leibhéal an phobail.

Maidir le forbairt na Gaeilge i measc an phobail sa Tuaisceart, beidh infheistíocht de €400,000 sa bhliain ó 2021 go 2023 á déanamh ag mo Roinn. Beidh €250,000 á chur ar fáil don chiste infheistíocht Gaeilge sa Tuaisceart le margaíocht a dhéanamh ar ionaid de chuid an chiste agus leis na hionaid a neartú agus a bhuanú mar ionaid phobail. Beidh €50,000 le hinfheistiú i bhfeachtas feasachta teanga, leis an nGaeilge a bheith níos feiceálaí i measc an phobail agus €100,000 le líonraí Gaeilge nó Gaeltachta a fhorbairt, comhionann leis na líonraí Gaeilge sa Deisceart.

I réimse na craoltóireachta, ar feadh na trí bliana atá romhainn, beidh soláthar de €1.2 milliún sa bhliain á chur ar fáil le tacú le craoltóireacht na Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann. Chuige sin, tá comhaontú dár luach €1 milliún aontaithe le Northern Ireland Screen le hábhar trí mheán na Gaeilge a sholáthar. Cuirfear soláthar 17 uair a chloig breise d’ábhar trí mheán na Gaeilge ar fáil faoin socrú seo.

Chomh maith leis sin, beidh €100,000 sa bhliain á chur ar fáil do TG4 agus RTÉ leis an nGaeilge a fhorbairt i réimse na craoltóireachta i dTuaisceart na hÉireann. Beifear ag súil an t-airgead seo a dháileadh sa tríú cheathrú den bhliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.