Dáil debates

Tuesday, 22 June 2021

State Pension Age: Motion [Private Members]

 

7:10 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, tréaslaím le mo chuid comhghleacaithe, na Teachtaí Kerrane agus O'Reilly, as an rún tábhachtach seo a chur os comhair na Dála anocht. Ba léir ón toghchán anuraidh cé chomh tábhachtach is atá ceist aoise an phinsin don ghnáthdhuine. Bhí an cheist seo i mbéal an phobail, agus ba bheag teaghlach a labhair mé leo agus mé ag stocaireacht nár ardaigh an cheist seo. Níl sé féaráilte, agus mothaíonn daoine nach bhfuil, go mbeadh daoine ag obair a saol ar fad agus iad den tuairim go mbeidh sé de dheis acu an pinsean a fháil agus iad 65 bliain d'aois agus go bhfuil an Rialtas anois ag rá leo nach é sin mar a bheidh sé agus go mbeidh orthu liúntas cuardaitheora poist a fháil, cé go mothaíonn siad go bhfuil sé in am dóibh críochnú suas lena bpoist agus go bhfuil sé ródheacair dóibh leanúint orthu. Tá sé togha dúinn mar Theachtaí a rá gur féidir le daoine leanúint orthu ag obair agus iad ag éirí níos sine ach bhí fear amháin ag rá liom go raibh sé ag obair ar feadh a shaol san earnáil tógála agus nach raibh sé in ann leanúint air ag dul suas agus anuas dréimirí agus é ag an aois sin. Bhí air dul ar liúntas cuardaitheora poist don chéad uair ina shaol agus é i ndáiríre ag aois a phinsin. Bhris sé sin a chroí. Tá sé soiléir ó na daoine go gcreideann siad go láidir go gcaithfear é seo a athrú. Táim tar éis a chloisteáil ón Aire Stáit nach mbeidh sé ag cur in aghaidh an rúin. Ní ionann é sin agus tacú leis an rún agus leis na daoine atá ag rá go soiléir go bhfuil siad ag iarraidh an pinsean a fháil ag 65 bliain d'aois. Is é sin atá á rá ag daoine agus is é sin an rud ba chóir tarlú.

Given that we are on the topic of pensions, I raise a related matter with the Minister of State that I hope he will look at. It concerns the PAYE tax credit as it relates to the contributory pension. The Finance Act 2013 did away with this credit as it applied to dependents. For example, a husband could avail of this tax credit as it applied to his own contributory pension but not to his wife's pension as was previously the case. This means that some dependents now have a tax liability. This issue mainly affects older women. I ask the Minister of State to examine this and to support our motion in full.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.