Dáil debates

Thursday, 17 June 2021

Fisheries and Coastal Communities: Statements

 

1:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá áthas orm go bhfuil deis agam labhairt ar cheist cúrsaí iascaigh. I will begin by raising a small issue that perhaps the Minister can tackle for once and for all. He mentioned that as Minister, he inherited six harbours and then he got Cape Clear. Obviously, the Minister's Department did not tell him that he has a bit - I mean a bit - of Cleggan Pier. The fact that half the pier is owned by the county council and the other half is owned by the Department has stymied the development of the pier for years. I suggest that the Minister should transfer total ownership of the pier to the local authority and then allow it access to money to properly develop it because the local authority would have access to island funds, etc.

Níor mhaith liom a bheith ag troid le comhghleacaí liom as mo Dháilcheantar agus ní thiocfaidh mé troid ach ceartóidh mé an méid a dúirt sí tráthnóna. Dúirt sí tráthnóna nach ndearnadh tada do na hoileáin riamh ag aon Rialtas agus ní fíor sin. Iarraim uirthi an méid atá ráite aici a tharraingt siar agus a cheartú.

Sa deich mbliana go raibh mise mar Aire le freagracht as na hoileáin, caitheadh €100 milliún ar bhunstruchtúr ar na hoileáin. Rinneadh céanna ó cheann ceann na n-oileán agus bhí ceann in Inis Oírr chomh fada le cúrsaí pleanála agus an cead pleanála faighte nuair a d’fhág mé an Roinn. Ní beag an méid €100 milliún a chaitheamh ar na hoileáin. Chomh maith leis sin, tugadh isteach go leor scéimeanna eile. Mar shampla, tugadh ráta cánach speisialta ar na carranna ar na hoileáin. Tugadh liúntas leasa shóisialaigh isteach do na hoileánaigh a thug breis ar an méid a fhaigheann a macasamhail ar an mórthír.

Nuair a chuaigh mise isteach sa Roinn i 1997, ní raibh aon bhád farantóireachta fóirdheonaithe ag dul ag na hoileáin taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá ceann ag dul ag chuile oileán go bhfuil aon phobal orthu i láthair na huaire. Ag an am sin, ní raibh aon bhád farantóireachta fóirdheonaithe ag dul ó Ros an Mhíl go dtí na hoileáin Árann. Ní fhéadfaí maireachtáil ar na hoileáin sin anois gan é. Caitheadh airgead mór ar bhóithre, ar chéanna, ar ionaid sláinte, ar scoileanna agus ar shaoráidí pobal de chuile chineál.

Mar sin, iarraim ar an Teachta an taifead a cheartú agus a admháil go ndearnadh an t-uafás do na hoileáin idir 1997 agus 2010 nuair a d’fhág mé an Roinn. Bhí mé imithe as an Roinn ar feadh bliain go leith den mhéid sin. Má tá rud amháin ag teastáil anseo, is é sin ná go mbeadh muid féaráilte agus macánta lena chéile. Ní dhearnadh mórán ó shin. Chuir mise ceist sa tréimhse deireadh Dála cé mhéad togra de bhreis ar €1 milliún a ceadaíodh do na hoileáin ó 2011 ar aghaidh agus dúradh liom nach raibh ceann ar bith. Sin fíric.

Ba mhaith liom bogadh ar aghaidh ag cúrsaí iascaigh. Is cuimhneach liomsa i bhfad siar agus mé an-óg nuair a bhí caint ar dul san AE, go raibh mé in aghaidh an tuairim go mba leis an Eoraip na farraige timpeall ar an gcósta. Chonaic mé go raibh saibhreas aiceanta iontach ann agus thuig mé nach raibh muidne ag fáil cruach, gual nó na hacmhainní eile a bhí ag na tíortha ach go raibh muid ceaptha ár gcuid acmhainní féin a thabhairt suas. Ba i 1983 a rinneadh an dochar mór millteach. Díoladh amach muid. Mar a deireadh san amhrán, bhí muid “díolta leis na Gallaibh.”

Tá dúshlán roimh an Aire nuair a thiocfaidh an plé ar aghaidh maidir leis an gcéad comhphobal iascaigh ach caithfear an troid a dhéanamh an t-am seo agus caithfear a bheith feicthe ag déanamh troid an t-am seo. Caithfear an bord a bhualadh agus a mhaoímh nach bhfuilimid sásta mar phobal nach bhfuil ár gcuid acmhainní nádúrtha againn féin. Chomh maith leis sin, chuirfinn i gcloigeann an Aire dá ndéarfadh muid go mbeadh síneadh ar an bpíosa sin cois chósta den fharraige atá faoinár gcúram agus go mbeadh síneadh timpeall ar chuile bhallstát, go mb’fhéidir go dtabharfadh an tAire leis cuid mhaith de na hiascairí intíre a bheadh báúil don choincheap sin. Chomh maith leis sin, bheifí in ann é a dhéanamh ar bhonn caomhnaithe mar níl aon amhras faoi; ní hiad ná báid bheaga atá ag déanamh an dochar.

Má théimid ar aghaidh chuig Brexit, dúirt mé sa Dáil mí na Samhna seo caite go raibh faitíos orm nuair a thiocfadh sé go dtí na laethanta deiridh deireanach san oíche nuair a bheadh an plé á dhéanamh, go ndíolfadh an Eoraip amach muid ó thaobh cúrsaí iascaigh. Bhí faitíos orm go dtiocfadh na tíortha móra isteach agus go ndéanfadh siad cosaint ar a gcuid féin. Caithfidh mé a rá nach raibh amhras ar bith ormsa riamh ach go dtiocfadh an Bhreatain agus mórthíortha na hEorpa ar chomhréiteach maidir le trádáil. Bhí buaileam sciath agus troid na mbó maol ag dul a bheith ann i gcónaí ach bhíodar i gcónaí ag dul ag teacht ar réiteach agus nuair a dhúisigh muid ar maidin cé a bhí thíos leis ach muid féin. Deirtear linn go bhfuil ciste fhóirithinte ann. Céard air atá muid ag caint leis sin? Ag rá le hiascairí gan dul chun farraige? Cuimhnigh gur sin a táimid ag rá. Táimid ag insint dóibh fanacht sa bhaile agus gan dul ag iascach. B’fhéidir gur réiteach gearrthéarmach é sin ó thaobh cúrsaí airgid de.

Ar ndóigh, ar nós feirmeoirí agus feirmeoireacht, is maith leis na hiascairí dul ag iascach agus ní mhairfidh airgead den chineál sin go deo.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin control plan seo. Ní thuigim cén bunús a bhain leis an Eoraip ag cur deireadh leis an gceann deireanach. Níl aon fhianaise ann go raibh mórán de dheis ag an tír seo na cleachtais a bhí ann a chosaint. Tá an rud atá déanta seafóideach amach is amach. Labhair an Teachta Farrell faoin dlí atá ann ach níor mhínigh sí go hiomlán é. Má thagann portáin nó gliomaigh isteach go hInis Meáin, Inis Mór, Inis Oírr nó go hInis Bó Finne, caithfear glaoch ar an SFPA agus deis a thabhairt dóibh teacht amach ar an gcéad bhád farantóireachta eile leis an iasc a mheá. Sin má ghlacann an SFPA é sin a dhéanamh. Ansin caithfidh na hiascairí féin é a chur ar an mbád farantóireachta ina dhiaidh sin agus é a chur ar ais ag an mórthír. A leithéid de sheafóid. Tá 150 céibh i gConamara agus baintear úsáid as beagnach chuile cheann acu le haghaidh na “non-quota species”, mar a thugtar i mBéarla orthu. Anois caithfear glaoch ar chuile cheann acu agus rá leis an SFPA go bhfuil siad ag teacht agus caithfear déanamh cinnte go bhfuil scála meáchain i chuile chéibh.

Tá cás na ronnaigh agus an cineál sin éisc mínithe go maith. Tá an leac oighir le baint den iasc, é a mheá agus leac oighir a chur ar ais air. Cá as a dtagann an leac oighir agus daoine ag déanamh na hoibre sin? Caithfear réiteach sciobtha a fháil air seo. Tosóidh margadh mór níos deireanaí sa samhradh, ag tús an fhómhair, agus ní féidir linn dul ó sheachtain go seachtain agus ó mhí go mí ag iarraidh é seo a réiteach.

Ceist eile gur mhaith liom a ardú leis an Aire ná ceist na n-achomharc le haghaidh na ceadúnais sliogéisc. Bhí mé ag éisteacht leis an méid a dúirt sé. B’fhéidir go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le ceadúnais ó thaobh na Roinne de ach tá an coiste achomhairc fós ag tógáil a chuid ama. Chuala mé faoi chás ceadúnais le gairid atá tar éis a bheith leis an mbord achomhairc ar feadh bliana agus anois tá an cinneadh curtha siar sé mhí eile. Tá rud amháin a chaithimid foghlaim sa tír seo - sé sin, go gcaithfidh daoine atá ag déanamh cinntí foghlaim le cinntí a dhéanamh go sciobtha agus go féaráilte. Is cuid de bheith féaráilte bheith sciobtha agus níor cheart go mbeadh daoine ag fanacht agus ag fanacht i dtaobh foraoisí nó ceadúnais muirshaothrú. Níor cheart go mbeidís ag fanacht an iomarca ama. Ba cheart go mbeadh treoir ama sa dlí maidir le cé chomh fada gur féidir le haon údarás a thógáil le teacht ar chinneadh.

I am looking forward to the Minister coming to Connemara. He promised me he will come and I know he will. We have much to show him there. He has appointed Malachy Walsh and Partners to carry out another review of the review of the piers. We can live with that if this is the final and comprehensive review which takes the whole use which Rossaveal pier could be put to and takes into account all the State lands.

The west coast has taken a battering in the context of the way that the Cinderella industry of Ireland, which should be one of our largest industries as an island nation, has been treated over the years. There are still many people in the west with an interest in the sea. There is no fishery port in the hands of the Department from Dingle to Killybegs, however. The west coast is way longer than the east coast, a long stretch of sea. The only port is Rossaveal but it cannot take the boats of any size. To revive the industry of fishing and to start a renewable energy industry, we are asking for a modest project, which would cost approximately €20 million, to proceed once we get this report. I have no doubt the report will say it is worth going ahead with the deep-water pier in Rossaveal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.