Dáil debates

Thursday, 17 June 2021

Ceisteanna Eile - Other Questions

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

11:05 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

B'fhéidir nach é sin an fhadhb ar chor ar bith. B'fhéidir gurb é an fhadhb atá ann ná go bhfuiltear ag srianú daoine trí iad a chur ar an bpainéal Gaeilge amháin. Níl daoine ar an bpainéal sin in ann fostaíocht a fháil sa tseirbhís phoiblí ach i bpoist atá bainteach leis an nGaeilge. Má tá Gaeilge agus Béarla ag daoine, a oiread liom féin, oibríonn siad trí Bhéarla nó trí Ghaeilge de réir mar a oireann. Cad chuige a shrianfadh daoine iad féin go poist ina gcuirtear i mbosca beag na Gaeilge iad nuair a bheadh an Státseirbhís oscailte do dhaoine dátheangacha má théann siad ar an bpainéal Béarla, mar a thug an tAire Stáit air? An ndearna aon scrúdú air sin? An ceann de na fáthanna é nach bhfuil daoine ag cur isteach ar an bpainéal sin toisc go srianann sé sin a dtodhchaí sa tseirbhís phoiblí le hais cur isteach ar an bpainéal eile, mar a bhíodh sé fadó? An bhfuil an tAire Stáit ag rá liomsa nach bhfuil cumas Béarla ag na daoine atá ar an bpainéal Gaeilge? Cén fáth nach mbeidh siadsan in ann a bheith earcaithe sa Státseirbhís ginearálta go huathoibríoch, ag glacadh leis go bhfuil Béarla agus Gaeilge acu? Níl aon uireasa ag na Gaeilgeoirí. Tá an uireasa ar na Béarlóirí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.