Dáil debates

Thursday, 17 June 2021

Ceisteanna Eile - Other Questions

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

10:55 am

Photo of Ossian SmythOssian Smyth (Dún Laoghaire, Green Party) | Oireachtas source

Is é an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, PAS, an t-earcaitheoir neamhspleách i gcomhair cheapacháin na státseirbhíse. Tá an earcaíocht ar fad faoi stiúir an éilimh agus téann PAS i gceann comórtas thar ceann na státseirbhíse chun painéil a chur ar bun ónar féidir tarraingt de réir mar a thagann folúntais aníos i Ranna nó oifigí Rialtais.

Féadann iarratasóirí a bhfuil Gaeilge acu iarratais ar róil ghinearálta sa státseirbhís a chur chuig PAS trí chomórtais shainiúla dhátheangacha nó, de rogha air sin, féadann siad iarratais a chur isteach ar chomórtais neamh-dhátheangacha agus a léiriú spéise i bpoist Ghaeilge nó dhátheangacha a shainiú. D'fhéadfaí sainchomórtais ar leith a eagrú ó am go chéile maidir le róil níos teicniúla inar gá líofacht sa Ghaeilge amhail aistritheoirí dlí, tuairisceoirí parlaiminteacha agus cigirí scoile.

Cuireann oifigigh chléireachais agus oifigigh feidhmiúcháin croísheirbhísí ar fáil don phobal i Ranna agus oifigí Rialtais ar fud na tíre. Is in 2019 go deireanach a eagraíodh comórtas oifigeach cléireachais, OC, Gaeilge agus is le déanaí a chuaigh an painéal sin in éag. Tá PAS chun comórtas nua Gaeilge OC a sheoladh an mhí seo. San idirlinn, tá d'acmhainn ag PAS an t-éileamh ar róil Ghaeilge ag leibhéal OC a riar ón bpainéal náisiúnta neamh-dhátheangach OC 2020 ach na hiarratasóirí sin a léirigh go raibh cumas Gaeilge acu ag an gcéim iarratais a shannadh.

Eagraíodh comórtas oifigeach feidhmiúcháin, OF, Gaeilge in 2020 agus tá painéal ann go fóill i gcomhair sannadh ón gcomórtas seo go dtí Meán Fómhair 2021 nó go dtí go mbunófar painéal nua. Tuigtear dom go dtosóidh PAS ar phleanáil i gcomhair comórtas nua OF Gaeilge ag tarraingt ar dheireadh an tsamhraidh.

Tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sásta gur leor na painéil Ghaeilge atá i bhfeidhm faoi láthair, le cois na gcomórtas atá beartaithe roimh i bhfad, chun riar ar an éileamh reatha ó Ranna agus Oifigí Rialtais ar bhaill foirne dhátheangacha a bheadh páirteach i seachadadh seirbhísí don phobal.

Mar is eol don Teachta, moltar i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, atá ag Céim an Coiste faoi láthair os comhair Thithe an Oireachtais, sprioc uaillmhianach go mbeadh líofacht Ghaeilge ag 20% de gach duine nuacheaptha sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí faoi 2030 ar aon dul le tiomantais sa Chlár Rialtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.